|
21.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 84/23 |
Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2022 – Nemport Liman İşletmeleri Ve Özel Antrepo Nakliye Ticaret v EUIPO – Newport Europe (NEMPORT LİMAN İŞLETMELERİ)
(Cás T-18/22)
(2022/C 84/75)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nemport Liman İşletmeleri Ve Özel Antrepo Nakliye Ticaret AŞ (Izmir, an Tuirc) (ionadaí: V. Martín Santos, dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Newport Europe BV (Moerdijk, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontas Eorpaigh “NEMPORT LİMAN İŞLETMELERİ” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 101 775
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Samhain 2021 i gCás R 562/2021-4
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ionas go mbronnfaí an trádmharc ina iomláine; |
|
— |
a ordú don iarratasóir/idiragraí agus/nó do EUIPO na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a bhaineann leis an achomharc seo, chomh maith leis na costais nós imeachta go léir arna nginiúint le cinntí EUIPO, a íoc. |
Saincheist dlí
|
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |