14.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 119/22


Caingean arna tabhairt an 10 Eanáir 2022 – uwe JetStream v EUIPO (JET STREAM)

(Cás T-14/22)

(2022/C 119/71)

Teanga an cháis: An Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: uwe JetStream GmbH (Schwäbisch Gmünd, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Schneider, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “JET STREAM” – Iarratas ar chlárú Uimh. 20 809 111

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 9 Samhain 2021 i gcás R 1092/2021 – 4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid agus cinneadh EUIPO ag an gcéad chéim an 15 Nollaig 2020 agus an 29 Aibreán 2021 a chur ar ceal;

síneadh a chur leis an gcosaint ar chlárú idirnáisiúnta Uimh. 0809111 a údarú ar mhaithe lena chlárú san Aontas Eorpach;

ordú a thabhairt do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.