7.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 109/12


Caingean arna tabhairt an 7 Eanáir 2022 – Hasco TM v EUIPO – Esi (NATURCAPS)

(Cás T-12/22)

(2022/C 109/37)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Hasco TM sp. z o.o. sp.k. (Wrocław, an Pholainn) (ionadaí: M. Krekora, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Esi Srl (Albisola Superiore, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc an Aontais Eorpaigh NATURCAPS – trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 16 289 795

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 9 Samhain 2021 i gCás R 617/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

glacadh leis an iarratas agus a dhearbhú go bhfuil bunús maith leis;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

ordú a thabhairt do EUIPO agus don idiragraí íoc as costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagail 64(2), 47(2) agus 33(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 2(1) de Chomhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha Clárú Marcanna, ar Airteagal 1(2) de Threoir 2001/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001, ar Airteagal 2(a) de Threoir 2002/46/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 agus ar Airteagal 24 de Chonradh Aontachais Phoblacht na Seice, na hEastóine, na Cipire, Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Málta, na Polainne, na Slóivéine agus na Slóvaice (2003);

Sárú ar Airteagal 60(1) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.