(Cás T-644/22)

Gennady Nikolayevich Timchenko
agus
Elena Petrovna Timchenko

v

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Breithiúnas (an Mór-Dhlísheomra) an 11 Meán Fómhair 2024

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Ainmneacha na n-iarratasóirí a chur ar an liosta – Oibleagáid cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar leis na hiarratasóirí iad, nó atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú na n-iarratasóirí, a thuairisciú – Oibleagáid oibriú i gcomhar leis an údarás náisiúnta inniúil – Rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sriantacha – Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Caingean le haghaidh neamhniú – Inniúlacht imeachtaí a thionscnamh – Cúram díreach – Gníomh rialála nach bhfuil cur chun feidhme i gceist leis – Leas in imeachtaí a thionscnamh – Inghlacthacht – Mí-úsáid cumhachtaí – Inniúlacht na Comhairle – Comhréireacht – Deimhneacht dhlíthiúil)

  1. Caingean le haghaidh neamhniú – Daoine nádúrtha nó dlítheanacha – Gníomhartha a bhaineann leo go díreach agus go leithleach – Cúram díreach – Critéir – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin – Rialachán lena gceanglaítear ar dhaoine ar liostaí na ndaoine a chumhdaítear leis na bearta sriantacha a gcistí nó a n-acmhainní eacnamaíocha a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla – Caingean arna tionscnamh ag daoine ar na liostaí sin – Inghlacthacht

    (Airteagal 263(4) CFAE; Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, Iarscríbhinn; Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle, Airteagal 9(2) agus (3) agus Iarscríbhinn I; agus Rialachán 2022/1273 ón gComhairle, Airteagal 1, pointe (4))

    (féach míreanna 25, 31, 32, 34)

  2. Caingean le haghaidh neamhniú – Daoine nádúrtha nó dlítheanacha – Leas in imeachtaí a thionscnamh – Gá le leas dílsithe agus láithreach – Measúnú tráth a thionscnaítear an chaingean – Caingean i gcoinne birt lena gcuirtear d’oibleagáid ar dhaoine ar liostaí na ndaoine a chumhdaítear leis na bearta sriantacha a gcistí nó a n-acmhainní eacnamaíocha a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla – Caingean arna tionscnamh ag daoine ar na liostaí sin – Leas na ndaoine sin a bheith ann in imeachtaí a thionscnamh gan gá a léiriú gur sáraíodh na hoibleagáidí maidir le tuairisciú agus comhoibriú

    (Airteagal 263(4) CFAE; Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle, Airteagal 9(2) agus (3), agus Rialachán Uimh. 2022/1273 ón gComhairle)

    (féach míreanna 38-41)

  3. Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Oibleagáidí cistí a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla – Forálacha lena leagtar síos na hoibleagáidí sin sa chaoi go n-áiritheofar cur chun feidhme éifeachtach agus aonfhoirmeach na mbeart sriantach dá bhforáiltear le Cinneadh 2014/145 – Bunús dlí – Airteagal 215 CFAE – Incháilitheacht

    (Airteagail 24(2), 29 agus 40 CAE; Airteagal 215(2) CFAE; Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle; Rialachán Uimh.269/2014 ón gComhairle, Airteagal 9(2) agus Rialachán 2022/1273 ón gComhairle)

    (féach míreanna 53-55, 59-63, 65)

  4. Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Oibleagáidí cistí a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla – Sárú – Imchéimniú ar bhearta sriantacha – Neamhláithreacht cáilíochta mar chion coiriúil – Bunús dlí – Airteagal 215 CFAE – Incháilitheacht

    (Airteagal 40 CAE; Airteagail 83(1) agus 215(2) CFAE; Rialachán Uimh.269/2014 ón gComhairle, Airteagail 9(3) agus 15(1); Rialachán 2022/880 ón gComhairle agus Rialachán 2022/1273 ón gComhairle)

    (féach míreanna 76-81, 84, 85)

  5. Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Oibleagáidí cistí a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla – Oiriúnacht – Sárú ar na hoibleagáidí sin – Smachtbhannaí – Sárú ar phrionsabal na comhréireachta – Neamhláithreacht

    (Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle; Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle, Airteagal 9(2) agus (3), agus Rialachán 2022/1273 ón gComhairle)

    (féach míreanna 101-104)

  6. Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide san Úcráin – Reo cistí – Oibleagáidí cistí a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla – Coincheapa maidir le cistí faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú – Coincheapa atá soiléir agus beacht go leor – Urraim do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla lena n-éilítear soiléireacht, beachtas agus intuarthacht éifeachtaí na rialacha dlíthiúla

    (Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle, Airteagal 9(2) agus Rialachán 2022/1273 ón gComhairle)

    (féach míreanna 114, 117-122)

Résumé

Sa bhreithiúnas seo, deimhníonn an Chúirt Ghinearálta, ina suí di mar Mhór-Dhlísheomra, inniúlacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun oibleagáidí a ghlacadh maidir le cistí a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla ag na daoine atá faoi réir bearta sriantacha, ar thaobh amháin, agus chun neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin a mheas mar imchéimniú ar bhearta reoite cistí, ar an taobh eile.

Is i gcomhthéacs sraith beart sriantach a ghlac an tAontas Eorpach tar éis oibríochtaí cogaidh Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ó mhí an Mhárta 2014 a dhéantar an breithiúnas seo. In 2022, cuireadh Timchenko, fear gnó de náisiúntacht Rúiseach agus Fionlannach, agus a bhean chéile, ar liostaí na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145 ( 1 ) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. 269/2014 ( 2 ).

Sa chás seo, iarrann siad go ndéanfaí Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú le hAirteagal 1(4) de Rialachán 2022/1273, a chur ar neamhní ( 3 ). Déantar foráil sna míreanna sin, faoi seach, maidir le cistí a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, agus maidir le mainneachtain na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh a gcaithfear leo mar rannpháirtíocht in imchéimniú beart reoite cistí.

De réir na n-iarratasóirí, trí na forálacha sin a ghlacadh, sháraigh an Chomhairle na cumhachtaí a thugtar di le hAirteagal 215(2) CFAE agus tháinig sí in ionad na mBallstát agus cinneadh á dhéanamh aici conas a chuirfí na bearta sriantacha chun feidhme agus conas a ghearrfaí pionós orthu ar chríoch na mBallstát. Maíonn siad freisin go sáraíonn an oibleagáid tuairisiciú a dhéanamh prionsabal na deimhneachta dlíthiúla sa mhéid is go bhfuil sí bunaithe ar choincheapa neamhbheacht.

Díbheann an Chúirt Ghinearálta an chaingean.

Measúnú na Cúirte Ginearálta

Ar an gcéad dul síos, maidir le cumhacht na Comhairle na forálacha atá i gceist a ghlacadh ar bhonn Airteagal 215(2) CFAE, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, faoi Airteagail 24 agus 29 CAE, go saineoidh an Chomhairle, i gcinntí a dhéantar d’aon toil in ábhair a bhaineann le CBES, ábhar na mbeart sriantach a ghlacann an tAontas Eorpach sa réimse sin, le lán rogha leathan. Ó thaobh Airteagal 215 CFAE de, ceadaítear don Chomhairle rialacháin a ghlacadh chun bearta sriantacha a chur chun feidhme nó chun éifeacht a thabhairt dóibh agus chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. Níl na bearta sin teoranta d’oibleagáidí gan rud a dhéanamh.

Dá bhrí sin, bunaítear le cinntí arna nglacadh ar bhonn Airteagal 29 CAE seasamh an Aontais maidir leis na bearta sriantacha atá le glacadh, cé go bhfuil rialacháin arna nglacadh ar bhonn Airteagal 215 CFAE nasctha leis na cinntí sin agus gurb ionann iad agus an ionstraim chun éifeacht a thabhairt dóibh ar leibhéal an Aontais.

Sa chás seo, bunaíodh na hoibleagáidí tuairiscithe agus comhair a leagtar síos in Airteagal 9(2) de Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin sin a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh agus chun straitéisí a chur ó rath chun dul timpeall ar bhearta sriantacha, rud a d’fhéadfaí a dhéanamh, inter alia, trí leas a bhaint as córais chasta dlí agus airgeadais. Dá bhrí sin, tá siad in ann a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach agus go haonfhoirmeach na bearta sriantacha chun cistí a reo dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145, a bhfuil nasc acu leis.

Ar na cúiseanna sin, d’fhéadfadh an Chomhairle, ar bhonn Airteagal 215(2) CFAE agus gan Airteagal 29 CAE a shárú, oibleagáidí den sórt sin a ghlacadh le rialachán de chuid an Aontais, beag beann ar an bhfíoras nach ndearnadh foráil shainráite maidir leis na hoibleagáidí sin sa Chinneadh lena mbaineann.

Ar an dara dul síos, measann an Chúirt Ghinearálta go bhféadfadh an Chomhairle Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, agus Airteagal 15(1) den Rialachán sin, arna leasú le Rialachán 2022/880 ( 4 ), a ghlacadh ar bhonn Airteagal 215(2) CFAE agus, dá bhrí sin, nach féidir an Chomhairle a cháineadh as í féin a chur in ionad na mBallstát go míchuí i bhfeidhmiú a n-inniúlachta reachtaí. Ní féidir a mheas gur cion coiriúil iad na forálacha sin agus, dá bhrí sin, gur glacadh iad de shárú ar Airteagal 83 CFAE.

Ní féidir aicmiú na rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí imchéimnithe a mheas mar aicmiú den sórt sin mar chion coiriúil. Thairis sin, tugtar le tuiscint le foclaíocht Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, agus leis an abairt dheireanach den chúigiú haithris sa bhrollach a ghabhann le Rialachán 2022/880, go dtagann cinneadh chineál sibhialta, riaracháin nó coiriúil na bpionós is infheidhme maidir le sáruithe ar Rialachán Uimh. 269/2014 faoin inniúlacht a thugtar do na Ballstáit, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear an pionós maidir le fáltais na gcionta a choigistiú i bhfeidhm.

Ós rud é nach dtagann an córas dlí is infheidhme maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe agus comhair agus maidir leis na smachtbhannaí dá bhforáiltear i gcás sáraithe faoi raon feidhme na n-ábhar coiriúil, sa chaoi nár sáraíodh Airteagal 83 CFAE, agus níor sháraigh an Chomhairle Airteagal 40 CAE ach oiread.

Ar an dara dul síos, soiléiríonn an Chúirt Ghinearálta coincheap na mbeart sriantach trína idirdhealú ó choincheap an phionóis maidir le fáltais ó chionta a choigistiú i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí tuairiscithe agus comhair a leagtar síos in Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 269/2014. Níl feidhm ag pionós den sórt sin ach amháin maidir le ‘fáltais na sáruithe’, cé go mbaineann ábhar na mbeart sriantach, a choinníonn a gcineál réamhchúraim agus sealadach, le cistí agus acmhainní eacnamaíocha mar a chinntear le hAirteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 269/2014. Dá réir sin, ní athraíonn na smachtbhannaí a ghabhann leis an imchéimniú dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, cineál na mbeart sriantach.

Ar an tríú dul síos, maidir le beachtas na gcoincheap a úsáidtear chun údar a thabhairt leis an oibleagáid tuairisciú a dhéanamh atá i gceist, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta go gceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla nach mór reachtaíocht an Aontais a bheith soiléir agus beacht agus nach mór a cur i bhfeidhm a bheith intuartha dóibh siúd go léir lena mbaineann.

Sa chás seo, tagraíonn na téarmaí a úsáidtear in Airteagal 9(2) de Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, do na coincheapa ‘úinéireacht’, ‘seilbh’, ‘coinneáil’ nó ‘rialú’, ar coincheapa uathrialacha de dhlí an Aontais iad, nach mór, dá bhrí sin, iad a léiriú go haonfhoirmeach i gcríoch an Aontais Eorpaigh, agus foclaíocht agus comhthéacs na forála sin agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í á gcur san áireamh.

I ndáil leis sin, nuair a glacadh Airteagal 9(2) de Rialachán Uimh. 269/2014, arna leasú, ba é cuspóir na Comhairle brú a chur ar dhaoine agus ar eintitis atá faoi réir bearta sriantacha a bhfuil tionchar acu ar údaráis na Rúise agus lena bhféachtar, inter alia, le costas ghníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise a mhéadú chun an bonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine. Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheas, trí úsáid a bhaint as na coincheapa ‘úinéireacht’, ‘seilbh’, ‘coinneáil’ nó ‘rialú’, gur ainmnigh an Chomhairle an ceart chun cistí nó acmhainní eacnamaíocha a dhiúscairt nó a úsáid, mar a shainmhínítear in Airteagal1(d) agus (g) de Rialachán Uimh. 269/2014.

Dá bhrí sin, ní fhulaingíonn na coincheapa sin aon débhríocht a d’fhéadfadh a léiriú gurb ann d’éiginnteacht dhlíthiúil maidir lena raon feidhme nó lena mbrí do dhaoine atá faoi réir bearta reoite cistí. I ndáil leis sin, ós rud é gur eagraigh an Chomhairle comhdháil nó gur bhain sí úsáid as treoir maidir le dea-chleachtas atá beartaithe d’údaráis náisiúnta, chun na coincheapa a úsáidtear i réimse na mbeart sriantach a shoiléiriú, ní hionann sin agus a rá go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil den sórt sin ann.


( 1 ) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 (IO 2022 L 59, lch. 1), agus le Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (IO 2022 L 110, lch. 55).

( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 (IO 2022 L 58, lch. 1), agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (IO 2022 L 110, lch. 3).

( 3 ) Rialachán (AE) 2022/1273 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 194, lch.1).

( 4 ) Rialachán (AE) 2022/880 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 153, lch. 75). Foráiltear anois le hAirteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 269/2014 go ‘[l]eagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla de réir mar is iomchuí, is infheidhme i dtaca le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Luaitear ann freisin go ‘[nd]éanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú’ [Aistriúchán neamhoifigiúil].