Cás T-245/22
PGTEX Morocco
v
An Coimisiún Eorpach
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra Méadaithe) an 4 Nollaig 2024
(Dumpáil – An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite nó fuaite áirithe de thionscnamh na Síne a leathnú chun allmhairí na dtáirgí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach – Imscrúdú frith-imchéimniúcháin – Teacht timpeall – Comhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara idir an Comhphobal Eorpach agus an Maracó – Airteagal 22(a) de Rialachán (AE) 2016/1036 – Mí-úsáid cumhachtaí – Coinníollacha chun teacht timpeall a shuíomh – Airteagal 13 de Rialachán 2016/1036 – Athrú a d’eascair as cleachtas, próiseas nó as obair nach raibh cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta – Oibríochtaí cóimeála – Oibríochtaí críochnaithe – An coincheap ‘luach atá curtha leis’ – Táirge comhchosúil allmhairithe nó codanna de fós ag baint tairbhe as an bhfóirdheontas – Earráid dlí – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Cóir chomhionann – Prionsabal an dea-riaracháin – Airteagal 18(1) agus (3) de Rialachán 2016/1036 – Úsáid fíoras atá ar fáil)
An comhbheartas tráchtála – Toirmeasc ar chleachtais dumpála – Teacht timpeall – An dleacht frithdhumpála a leathnú – Dleacht frithdhumpála chinntitheach arna leathnú chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ó thír a bhfuil comhaontú comhlachais tugtha i gcrích aici leis an Aontas Eorpach a chumhdach – Inghlacthacht – Coinníollacha
(Aithris 20 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; Rialachán 2022/302 ón gCoimisiún)
(féach míreanna 40-43, 45-53)
An comhbheartas tráchtála – Toirmeasc ar chleachtais dumpála – Teacht timpeall – Coincheap – Athrú ar an ngréasán trádála idir tríú tíortha agus an Aontas – Athrú a eascraíonn as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil réasúnaithe go leordhóthanach nó nach bhfuil údar cuí eacnamaíoch leis – Láithreán táirgthe a bhunú do tháirge atá comhchosúil leis na táirgí lena mbaineann dleachtanna frithdhumpála i dtír seachas tír thionscnaimh an táirge sin – Comhtharlú ó thaobh an ama de idir an t-imscrúdú frithdhumpála as ar eascair forchur na ndleachtanna agus cruthú an láithreáin táirgthe sin – Toimhde go bhfuil sé beartaithe cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm a sheachaint – Dualgas cruthúnais
(Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; aithris 67 de Rialachán 2022/ 302 ón gCoimisiún)
(féach míreanna 78-89)
An comhbheartas tráchtála – Toirmeasc ar chleachtais dumpála – Teacht timpeall – Oibríochtaí chóimeála – Coincheap – Oibríochtaí chríochnaithe – Cuimsiú
(An tríú fomhír agus an ceathrú fomhír pointe (d) d’Airteagal 13(1), agus (2)(b) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,); aithris 73, 74 agus 76 de Rialachán 2022/ 302 ón gCoimisiún)
(féach míreanna 109-117)
An comhbheartas tráchtála – Toirmeasc ar chleachtais dumpála – Teacht timpeall – Oibríochtaí chóimeála – Coincheap – Critéir chun measúnú a dhéanamh
(An tríú fomhír d’Airteagal 13(1), agus (2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; aithris 73, 74 agus 76 de Rialachán 2022/ 302 ón gCoimisiún)
(féach míreanna 120, 121)
An comhbheartas tráchtála – Toirmeasc ar chleachtais dumpála – Teacht timpeall – Oibríochtaí chóimeála – Páirteanna arb ionann iad agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte de thionscnamh na tíre atá faoi réir beart – Eisceacht – Luach níos mó ná 25 % den chostas monaraithe an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach – An coincheap ‘luach atá curtha leis’ – Raon feidhme – Ríomh – Costais mhonaraíochta – Coigeartú – Critéir – Ráta úsáide na hacmhainneachta táirgeachta iarbhír á chur san áireamh
[Airteagal 2(5) agus (13) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; aithris 77 go 80, 82, 83, 88, 90 agus 91 de Rialachán 2022/302 ón gCoimisiún]
(féach míreanna 150-172)
An comhbheartas tráchtála – Toirmeasc ar chleachtais dumpála – Teacht timpeall – Oibríochtaí chóimeála – Cinneadh an luacha atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach – Coigeartuithe ar an gcostas monaraíochta – Inghlacthacht – Gan aon choigeartú ar chostais mhonaraíochta agus an corrlach díobhála á chinneadh san imscrúdú frithdhumpála – Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne. – Neamhláithreacht
[Airteagal 2(5) agus (13) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; aithris 77 go 80, 82, 83, 88, 90 agus 91 de Rialachán 2022/302 ón gCoimisiún]
(féach mír 179)
An comhbheartas tráchtála – Toirmeasc ar chleachtais dumpála – Teacht timpeall – Stiúradh an imscrúdaithe – Úsáid na bhfíoras atá ar fáil i gcás ina ndiúltaíonn an gnóthas comhoibriú – Coinníollacha – Diúltú rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá
(Airteagal 13(3) agus 18(1), (4) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; aithris 36, 37, agus 39 go 41 de Rialachán 2022/302 ón gCoimisiún)
(féach míreanna 198-208, 210)
Résumé
Déanann an Chúirt Ghinearálta an caingean maidir le neamhniú Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/302 ( 1 ) lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (‘GFF’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, arna thionscnamh ag cuideachta Mharacó ar leis an ngrúpa Síneach PGTEX, a dhíbhe. Ar an ócáid sin, soiléiríonn an Chúirt Ghinearálta go bhféadfadh an Coimisiún Eorpach dleachtanna frithdhumpála a fhorchuirtear i gcoinne Dhaon-Phoblacht na Síne a leathnú chuig allmhairí táirgí comhchosúla ó thríú tír eile a bhfuil comhaontú comhlachais sínithe ag an Aontas léi, i gcás ina dtéitear timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm.
In 2020, tar éis an imscrúdaithe frithdhumpála a rinne a sheirbhísí, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme 2020/492 ( 2 ) lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí GFF áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte.
In 2021, tar éis iarraidh a fháil ó Tech-Fab Europe eV, comhlachas de tháirgeoirí GFF de chuid an Aontais, thionscain an Coimisiún imscrúdú maidir le teacht timpeall féideartha na mbeart frithdhumpála sin ag allmhairí den táirge céanna arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh. Ag deireadh a imscrúdaithe, ghlac an Coimisiún an Rialachán Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid.
Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, PGTEX Morocco, cuideachta de chuid Mharacó a tháirgeann agus a onnmhairíonn GFF chuig an Aontas, go ndéanfaí an Rialachán Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid a neamhniú, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir. Go háirithe, líomhnaíonn sé go ndearnadh sárú ar an gComhaontú Comhlachais a síníodh idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó ( 3 ). Déanann an t-iarratasóir agóid freisin i gcoinne na gcinntí maidir leis an easpa bonn cirt eacnamaíoch le bunú láithreán táirgthe an iarratasóra i Maracó seachas forchur na ndleachtanna frithdhumpála agus aicmiú mar ‘oibríocht chóimeála’ an phróisis monaraíochta a úsáideann an t-iarratasóir i Maracó.
Breithniú na Cúirte Ginearálta
An Comhaontú Comhlachais agus an fhéidearthacht na rialacha frith-imchéimniúcháin a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán 2016/1036 a chur i bhfeidhm ( 4 ).
Ar an gcéad dul síos, scrúdaíonn an Chúirt Ghinearálta an raibh an Coimisiún in ann dul i muinín na rialacha frith-imchéimniúcháin a leagtar síos in Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála chun na dleachtanna frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí GFF ón tSín a leathnú chuig allmhairí táirgí comhchosúla ó Mharacó, gan beann ar an bhfíoras gur shínigh an tAontas Eorpach comhaontú comhlachais le Maracó.
I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire gur dhá ionstraim de bheartas tráchtála an Aontais iad an Comhaontú Comhlachais agus Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála a bhfuil cuspóirí agus loighic éagsúla acu. Is ionstraim comhair í an chéad ionstraim arb é is aidhm di saorghluaiseacht earraí ó Mharacó laistigh den Aontas a chur chun cinn trí dheireadh a chur le dleachtanna custaim agus muirir chomhéifeachta. Is ionstraim cosanta trádála é an dara ceann atá dírithe ar smachtbhannaí a fhorchur ar chleachtais éagóracha trádála a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’éifeachtacht na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm cheana féin i gcoinne tríú tíortha trí chead a thabhairt do na hinstitiúidí, faoi choinníollacha áirithe, na bearta frithdhumpála sin a leathnú chuig allmhairí táirgí comhchosúla ó, inter alia, thír eile, chun cosc a chur ar teacht timpeall ar na bearta frithdhumpála.
Sa chás seo, agus é den tuairim go raibh grúpa PGTEX ag brath ar chríoch Mharacó chun teacht timpeall ar an dleacht frithdhumpála a forchuireadh ar allmhairí GFF ón tSín, leathnaigh an Coimisiún, leis an Rialachán Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid, an dleacht frithdhumpála chuig GFF a choinsínítear ó Mharacó. Thairis sin, maidir leis an dleacht a leathnaítear ar an gcaoi sin, arb é an t-aon chuspóir atá léi éifeachtacht na dleachta frithdhumpála a fhorchuirtear ar Dhaon-Phoblacht na Síne a áirithiú, ní féidir í a idirdhealú ón dleacht sin ar dleacht choimhdeach í. Dá bhrí sin, leis an Rialachán Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid, díríonn an Coimisiún ar chuideachtaí Síneacha Ghrúpa PGTEX chun cosc a chur orthu a bheith ag brath ar chríoch Mharacó chun an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí GFF ón tSín a sheachaint.
I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta faoi deara nach gcuireann an Comhaontú Comhlachais a síníodh idir Maracó agus an tAontas Eorpach cosc ar an Aontas Eorpach dul i muinín bearta frith-imchéimniúcháin chun dul i ngleic le hiompar mar a thuairiscítear thuas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála. Le léamh eile, d’fhéadfadh sé go mbainfí den Aontas Eorpach ionstraim cosanta trádála atá ríthábhachtach chun cosaint éifeachtach thionscal an Aontais a áirithiú agus chun Maracó a chlaochlú ina ‘saorlimistéar’ ina bhféadfadh trádálaithe aon chineál oibríocht imchéimniúcháin ar bhearta frithdhumpála a chur chun feidhme, rud a bheadh contrártha do na gealltanais fhrithpháirteacha a thug Maracó agus an tAontas faoin gcomhaontú sin.
Dá bhrí sin, de réir na Cúirte Ginearálta, ní dhearna an Coimisiún earráid agus é ag dul i muinín na rialacha frith-imchéimniúcháin a leagtar síos in Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála.
An measúnú ar na coinníollacha chun Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála a chur i bhfeidhm sa chás seo.
Ar an dara dul síos, meabhraíonn an Chúirt Ghinearálta, sa chéad áit, i measc na gcoinníollacha is gá chun a chinneadh an bhfuil teacht timpeall ann, ceanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála, ar an gcéad dul síos, athrú ar an bpatrún trádála idir tríú tíortha agus an Aontas nó idir comhlachtaí aonair sa tír faoi réir beart agus an tAontas agus, sa dara háit, go n-eascraíonn an t-athrú sin as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta ( 5 ). Anuas ar sin, faoin gceathrú fomhír den fhoráil sin, tá oibríochtaí cóimeála san Aontas Eorpach nó i dtríú tír i measc na gcleachtas, na bpróiseas nó na hoibre a d’fhéadfadh a bheith ina n-imchéimniú.
Sa chás seo, tar éis dó a chinneadh gur athrú ar an ngréasán trádála eatarthu é an méadú ar onnmhairí GFF ó Mharacó chuig an Aontas Eorpach, rinne an Coimisiún anailís ar an dara coinníoll is gá chun a shuíomh gurb ann do theacht timpeall maidir le láithreán táirgthe an iarratasóra a bhunú i Maracó.
I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire, ar an gcéad dul síos, nach ndearna an Coimisiún earráid agus é ag teacht ar an gconclúid nach raibh cúis chuí leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach le láithreán táirgthe GFF a bhunú i Maracó seachas an mhian teacht timpeall ar na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm.
Go deimhin, rinneadh an cinneadh an láithreán táirgthe sin a bhunú i mí an Mhárta 2019, i.e. díreach tar éis thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála as ar eascair forchur dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí GFF ón tSín, agus tugadh chun críche é i mí Dheireadh Fómhair 2019, 7 mhí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe sin.
Ós rud é gurb ann do chomhtharlú den sórt sin ó thaobh ama de idir tionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála agus bunú láithreán táirgthe an iarratasóra i Maracó, is féidir, de réir an chásdlí, údar a thabhairt leis an toimhde go bhfuil sé de chuspóir monarcha táirgthe a bhunú sa tír óna n-onnmhairítear na hearraí chun cur i bhfeidhm beart beartais tráchtála a sheachaint.
I gcás ina bhfuil comhtharlú den sórt sin ann ó thaobh ama de, gur faoin oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann atá sé fianaise a thabhairt ar aird ar chúis réasúnach, seachas an chúis le hiarmhairtí na mbeart atá i gceist a sheachaint, chun údar a thabhairt le láithreán táirgthe a bhunú sa tír óna n-onnmhairítear na hearraí. Dá bhrí sin, ba faoin iarratasóir a bhí sé a chruthú go raibh cúis chuí agus bonn cirt eacnamaíoch le bunú a láithreáin táirgthe i Maracó ar chúiseanna seachas na bearta frithdhumpála atá i gceist a sheachaint, rud nach bhfuil déanta aige sa chás seo.
Thairis sin, tá an t-iarratasóir mícheart a mhaíomh nár chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid scrúdú cúramach neamhchlaonta a dhéanamh ar ghnéithe ábhartha uile an cháis atá i gceist, ós rud é go ndearna an Coimisiún anailís cheart ar an bhfianaise a thug an t-iarratasóir ar aird agus gur chinn sé, agus an ceart aige, nár éirigh leis an bhfianaise sin a chonclúid a thabhairt faoi cheist.
Anuas ar sin, ní dhearna an Coimisiún earráid ná níor sáraigh sé Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála trína chinneadh gur oibríocht chríochnaithe é próiseas monaraíochta GFF i Maracó, a thagann faoin gcoincheap ‘oibríocht chóimeála’ de réir bhrí na forála sin.
Sa chás seo, déanann an Chúirt Ghinearálta anailís théacsúil, chomhthéacsúil agus theileaeolaíoch ar an bhforáil lena mbaineann, chun a chinneadh an gcaithfidh léiriú leathan a thabhairt don choincheap ‘oibríocht chóimeála’, mar a mhol an Coimisiún, a d’fhéadfadh oibríochtaí críochnaithe a chuimsiú, nó, mar a mholann an t-iarratasóir, léiriú sriantach ar dá réir nach dtagann na hoibríochtaí sin faoin gcoincheap ‘oibríocht chóimeála’.
I ndáil leis sin, tugann sé le fios, nach sainmhínítear leis an mbun-Rialachán frithdhumpála an coincheap ‘oibríocht chóimeála’ ná an coincheap ‘oibríocht chríochnaithe’. Ní shonraítear ann ach oiread cé acu atá nó nach bhfuil na hoibríochtaí deireanacha sin san áireamh sa choincheap ‘oibríocht chóimeála’.
Maidir leis an gcomhthéacs, níl oibríochtaí chríochnaithe i measc na gcleachtas, na bpróiseas ná na hoibre ar dócha go mbeidh teacht timpeall i gceist leo de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán frithdhumpála. Mar sin féin, tagraíonn mír 2(b) den fhoráil sin ( 6 ), lena sonraítear na coinníollacha faoina meastar go dtéann oibríocht chóimeála timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm, do ‘chríochnú’. Tugtar le fios le tagairt den sórt sin go bhféadfaí oibríochtaí críochnaithe a léiriú mar athrú ar oibríochtaí cóimeála.
Tá léirmhíniú den sórt sin, ar an gcéad dul síos, comhsheasmhach leis an gcuspóir is bonn le reachtaíocht an Aontais maidir le himchéimniú, eadhon éifeachtacht na mbeart frithdhumpála arna nglacadh ag an Aontas Eorpach a áirithiú agus cosc a chur ar dhul timpeall orthu agus, ar an dara dul síos, comhthacaítear leis an bhfíoras gur fhág an reachtóir corrlach leathan lánroghnach ag institiúidí an Aontais maidir leis an sainmhíniú ar theacht timpeall.
Ar deireadh, na himthosca dá dtagraíonn an t-iarratasóir, amhail castacht an phróisis monaraíochta GFF, ní dhéanann siad difear do cháiliú an phróisis monaraíochta GFF in Maracó mar oibríocht chóimeála nó chríochnaithe. Go deimhin, chun go mbeidh teacht timpeall atá in oibríocht chóimeála, tagraítear in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála don chion de pháirteanna a úsáideadh ón tír atá faoi réir na mbeart agus don an luach atá curtha leis na páirteanna sin ag an oibríocht atá i gceist.
Ar an tríú dul síos, maidir cinneadh an luacha atá curtha leis na n-oibríochtaí cóimeála a chinneadh, de réir bhrí Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán frithdhumpála, ní dhearna an Coimisiún earráid fhollasach measúnaithe ná níor sháraigh sé an fhoráil sin trí choigeartuithe a dhéanamh ar na costais dímheasa, arna ríomh ag an iarratasóir, tríd an ráta úsáide acmhainneachta iarbhír le linn na tréimhse tagartha a chur san áireamh agus trí neamhaird a thabhairt ar na trí mhodh eile chun luach atá curtha leis arna mholadh ag an iarratasóir a ríomh.
I ndáil leis sin, tugann an Chúirt Ghinearálta dá haire gur léir ó chomhthéacs agus ó chuspóir Airteagal 13 den bhun-Rialachán frithdhumpála araon, chun an luach atá curtha leis ag na n-oibríochtaí cóimeála a chinneadh, gur gá gan a chur san áireamh le ríomh an luach atá curtha leis ach na costais a bhaineann le táirgeadh iarbhír GFF, nó fiú amháin na costais dímheasa agus chíosa a bhaineann le hoibriú na meaisíní a úsáideadh iarbhír chun na páirteanna a tógadh isteach iarbhír le linn na tréimhse tagartha a tháirgeadh.
Sa chás seo, chuir an t-iarratasóir costais dímheasa arna ríomh ar bhonn fheidhmiú teoiriciúil uasta a mheaisíní uile in iúl don Choimisiún. Ós rud é nach bhféadfadh na costais dímheasa agus cíosa sin an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach a léiriú go creidiúnach, rinne an Coimisiún na coigeartuithe ba ghá. Chun na críche sin, d’úsáid sé an ráta úsáide acmhainne mar a chuir an t-iarratasóir in iúl agus nach raibh á chonspóid aige.
Mar sin féin, ós rud é gur ríomhadh an costas dímheasa arna ríomh ag an Iarratasóir ar bhonn uastoilleadh teoiriciúil a mheaisíní, agus an úsáid acmhainneachta araon ar bhonn an lín chéanna meaisíní GFF, amhail is dá mba rud é gur oibrigh an meaisín GFF le linn na tréimhse tuairiscithe, ní earráid fíorais é ceann amháin a úsáid chun an ceann eile a choigeartú.
Maidir leis na modhanna eile chun an luach atá curtha leis a ríomh a mhol an t-iarratasóir don Choimisiún, mheas an Coimisiún, agus an ceart aige, nach mbeidís in ann an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach a léiriú ar bhealach níos fearr.
Ar an gceathrú dul síos, níor sháraigh an Coimisiún prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne trí na coigeartuithe thuas a dhéanamh chun an luach atá curtha leis a chinneadh agus, agus an corrlach díobhála á ríomh, níor choigeartaigh sé costas táirgthe thionscal an Aontais, d’ainneoin gur cinneadh go raibh leibhéal íseal úsáide acmhainneachta táirgeachta ann.
Agus na costais táirgthe á gcur san áireamh d’fhonn corrlach díobhála thionscal an Aontais mar gheall ar allmhairí fóirdheonaithe a ríomh agus na costais táirgthe a chur san áireamh chun an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach le linn oibríocht chóimeála nó chríochnaithe a ríomh d’fhonn a chinneadh an bhfuiltear ag dul timpeall ar bhearta frithdhumpála, go n-oibríonn siad i gcomhthéacs difriúil agus chun críocha éagsúla. Ba cheart don iarratasóir a mhíniú conas a d’fhéadfadh an Coimisiún, trí na costais sin a chur san áireamh ar bhealach difriúil, prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne a shárú, rud nach ndearna sé sa chás seo.
Ós rud é gur scrúdaigh an Coimisiún gnéithe ábhartha uile an cháis seo go cúramach agus go neamhchlaonta agus gur choigeartaigh sé na costais trí na mínithe a chuir an t-iarratasóir ar fáil maidir le húsáid an innealra agus na costais chíosa a chur san áireamh, diúltaíonn an Chúirt Ghinearálta freisin don ghearán lena líomhnaítear sárú ar an gceart chun dea-riaracháin.
Maidir le húsáid na bhfíoras atá ar fáil
Ar deireadh, scrúdaíonn an Chúirt Ghinearálta an tsaincheist dlí lena ndéanann an t-iarratasóir gearán gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán frithdhumpála sa mhéid is gur bhraith sé ar na fíorais a bhí ar fáil, cé gur sholáthair sé an fhaisnéis a d’iarr an Coimisiún.
I gcomhréir leis an gcéad mhír den fhoráil sin, féadfaidh an Coimisiún, le linn a imscrúdaithe frithdhumpála, úsáid a bhaint as fíorais atá ar fáil chun aimhleas na sonraí a bhaineann go sonrach le páirtí leasmhar amháin nó níos mó, i gcás ina ndiúltaíonn páirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó nach gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil nó ina gcuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú.
Sa chás seo, is léir ón Rialachán Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid gur bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí a chuir an t-iarratasóir isteach maidir le díolacháin agus costais mar thúsphointe dá anailís. D’úsáid sé sonraí staidrimh freisin chun aghaidh a thabhairt ar neamhiontaofacht na faisnéise a chuir an t-iarratasóir ar fáil maidir le méideanna díolachán onnmhairí chuig an Aontas agus chun a chinneadh cé acu a d’athraigh nó nár athraigh an patrún trádála, rud nach ndéanann an t-iarratasóir agóid ina choinne. Os a choinne sin, níor úsáid sé fíricí atá ar fáil chun cóimeáil nó críochnú a chruthú.
Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don phléadáil sin toisc í a bheith neamhéifeachtach.
I bhfianaise na mbreithnithe sin go léir, déanann an Chúirt Ghinearálta an chaingean ina hiomláine a dhíbhe.
( 1 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/302 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (‘GFF’) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (IO 2022 L 46, lch. 49, ‘an Rialachán Cur Chun Feidhme atá faoi chonspóid’).
( 2 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO 2020 L 108, lch. 1).
( 3 ) An Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO 2000 L 70, lch. 2) arna leasú (‘an Comhaontú Comhlachais’).
( 4 ) Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21, ‘an bun-Rialachán frithdhumpála’).
( 5 ) Is iad an dá choinníoll eile fianaise a bheith ann go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais nó go bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta frithdhumpála i dtéarmaí phraghsanna nó chainníochtaí an táirge chomhchosúil agus fianaise dumpála a bheith ann maidir leis na gnáthluachanna a suíodh roimhe sin don táirge comhchosúil.
( 6 ) Faoin bhforáil sin, measfar go bhfuil oibríocht chóimeála san Aontas nó i dtríú tír ag teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm sna cásanna a leanas: ‘b) is ionann na páirteanna agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge agus é cóimeáilte, ach amháin nach measfar in aon chás go bhfuil teacht timpeall ar bun más luach níos mó ná 25 % den chostas monaraithe an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe’.