BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra Méadaithe) ( *1 )

(Tásc geografach faoi chosaint – Ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint – Iarratais ar na hainmniúcháin gheografacha faoi chosaint “Jambon sec de l’Île de Beauté”, “Lonzo de l’Île de Beauté” agus “Coppa de l’Île de Beauté” – Ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint níos luaithe “Jambon sec de Corse – Prisuttu”, “Lonzo de Corse – Lonzu” agus “Coppa de Corse – Coppa di Corsica” – Incháilitheacht na n-ainmneacha – Tabhairt chun cuimhne – Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 13(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 – Caighdeán an athbhreithnithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún – Airteagal 50(1) agus Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1151/2012 – Earráid mheasúnaithe)

I gCás T-34/22,

Cunsorziu di i Salamaghji Corsi – Consortium des Charcutiers Corses, bunaithe in Borgo (an Fhrainc), agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha i gceangal in iarscríbhinn ( 1 ), dá ndéanann T. de Haan agus V. Le Meur-Baudry, Dlíodóirí, ionadaíocht

iarratasóirí,

v

an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann M. Konstantinidis, C. Perrin et B. Rechena ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra Méadaithe),

comhdhéanta de A. Marcoulli, Uachtarán, S. Frimodt Nielsen, J. Schwarcz, V. Tomljenović agus R. Norkus (Rapóirtéir), Breithiúna,

Cláraitheoir: L. Ramette, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

i ndiaidh éisteacht an 13 Eanáir 2023,

an breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas ( 2 )

1

Lena gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí, Consortium des Charcutiers Corses agus na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha i gceangal in iarscríbhinn, go gcuirfear ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1879 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2021 lena ndiúltaítear do thrí iarratasar chosaint ainmneacha mar thásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [“Jambon sec de l’Île de Beauté” (TGFC), “Lonzo de l’Île de Beauté” (TGFC), “Coppa de l’Île de Beauté” (TGFC)] (IO 2021 L 383, lch. 1, “an cinneadh atá faoi chonspóid”).

Cúlra na díospóide

[omissis]

4

Cláraíodh na hainmneacha “Jambon sec de Corse”/“Jambon sec de Corse – Prisuttu”, “Lonzo de Corse”/“Lonzo de Corse – Lonzu” agus “Coppa de Corse”/“Coppa de Corse – Coppa di Corsica” mar ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint (ATFC) an 28 Bealtaine 2014, le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 581/2014 ón gCoimisiún (IO 2014 L 160, lch. 23), (AE) Uimh. 580/2014 ón gCoimisiún (IO 2014 L 160, lch. 21), (AE) Uimh. 582/2014 ón gCoimisiún (IO 2014 L 160, lch. 25) (“na Rialacháin lenar cláraíodh na ATFCanna lena mbaineann”), faoi seach.

5

I mí na Nollag 2015, thaisc an Consortium seacht n-iarratas ar chlárú mar thásca geografacha faoi chosaint (TGFC) le húdaráis náisiúnta na Fraince, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO 2012 L 343, lch. 1). Baineann na hiarratais leis na hainmneacha seo a leanas, arna n-úsáidag na hiarratasóirí: “Jambon sec de l’Île de Beauté”, “Coppa de l’Île de Beauté”, “Lonzo de l’Île de Beauté”, “Saucisson sec de l’Île de Beauté”, “Pancetta de l’Île de Beauté”, “Figatelli de l’Île de Beauté” agus “Bulagna de l’Île de Beauté”.

6

An 20 Aibreán 2018, ghlac an tAire Talmhaíochta agus Bia agus an tAire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais seacht bhforaithne lenar formheasadh na seacht sonraíocht chomhfhreagracha d’fhonn iad a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach lena bhformheas.

7

Ag an am céanna, leis na hiarratais arna gcur isteach an 27 Meitheamh 2018 leis an gComhairle Stáit (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc), d’iarr an cumann is sealbhóir de na sonraíochtaí le haghaidh na ATFCanna“Jambon sec de Corse – Prisuttu”, “Coppa de Corse – Coppa di Corsica” agus “Lonzo de Corse – Lonzu” go gcuirfí ar neamhní foraitheanta an 20 Aibreán 2018 maidir le formheas na sonraíochtaí le haghaidh na n-ainmniúchán “Jambon sec de l’Île de Beauté”, “Coppa de l’Île de Beauté” agus “Lonzo de l’Île de Beauté”, d’fhonn na hiarrataí ar chlárú mar TGFC a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ar an bhforas go raibh an téarma “Île de Beauté” ar mhúnla an téarma “Corse” nó gur thug sé é chun cuimhne agus gur tugadh isteach ábhar mearbhaill leis na hainmniúcháin atá cláraithe mar ATFC cheana féin.

8

An 17 Lúnasa 2018, cuireadh ar aghaidh na seacht n-iarratas ar chlárú na n-ainmneacha atá faoi thrácht mar TGFC chuig an gCoimisiún. Maidir leis na hiarratais ar chlárú mar TGFCde na hainmniúcháin “Jambon sec de l’Île de Beauté”, “Lonzo de l’Île de Beauté” agus “Coppa de l’Île deBeauté”, sheol an Coimisiún dhá litir, an 12 Feabhra 2019 agus an 24 Samhain 2020 chuig na húdaráis náisiúnta ag lorg soiléirithe, go háirithe i dtaobh na ceiste an bhféadfadh sé nach bhfuil siad incháilithe le haghaidh clárú. D’fhreagair na húdaráis náisiúnta, go bunúsach, gur mheas siad gur léir go raibh an dá ghrúpa táirgí (eadhon na ATFCanna cláraithe agus na hiarratais ar chlárú mar TGFC) difriúil ó thaobh na dtáirgí de agus gur dhealraigh sé go raibh na hainmneacha sách difriúil óna chéile.

9

Le breithiúnas an 19 Nollaig 2019 maidir leis an ainm “Jambon sec de l’Île de Beauté” (TGFC) agus dhá bhreithiúnas an 13 Feabhra 2020 maidir leis na hainmneacha “Coppa de l’Île de Beauté” (TGFC) agus “Lonzo de l’Île de Beauté” (TGFC), dhiúltaigh an Conseil d’Etat (an Chomhairle Stáit) na trí iarratas thuasluaite (féach mír 7 thuas) ar an bhforas, go háirithe “go bhfuil úsáid téarmaí difriúla agus an difríocht sna cosaintí arna dtabhairt le hainmniúchán tionscnaimh, ar thaobh amháin, agus tásc geografach, ar an taobh eile, de chineál go n-eisiatar an riosca go gcuimhneoidh tomhaltóirí atá réasúnta eolach, géarchúiseach agus cáiréiseach, má thagann siad ar an tásc geografach faoi chosaint, mar íomhá thagartha, ar na hearraí a thagann faoin ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint atá cláraithe cheana, [mar sin] níl údar cuí ag na hiarratasóirí a rá go sáraíonn an fhoraithne atá faoi chonspóid na forálacha sin [...] d’Airteagal 13(1)(b) de Rialachán [Uimh. 1151/2012]” (pointe 5 de na trí bhreithiúnas ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit)).

[omissis]

An t-ordú atá á lorg ag na páirtithe

11

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá á chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

12

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:

an chaingean a dhiúltú;

a ordú do na hiarratasóirí na costais a íoc.

An dlí

[omissis]

15

Sa chás seo, sa chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an Coimisiún an argóint, go bunúsach, nach bhféadfaí ainm atá ag teacht salach ar an gcosaint arna deonú le Rialachán Uimh. 1151/2012 a úsáid sa trádáil de réir bhrí Airteagal 7(1)(a) den Rialachán sin agus, dá réir sin, ní fhéadfaí é a chlárú (aithris 4). Ón 28 Bealtaine 2014 (féach mír 4 thuas), cosnaítear na hainmniúcháin arna gclárú mar ATFC, de bhun Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1151/2012, i gcoinne, inter alia, aon úsáid dhíreach nó indíreach na n-ainmniúchán sin i dtaca le táirgí nach gcomhlíonann na sonraíochtaí lena mbaineann agus i dtaca le haon mhí-úsáid, aithris nó tabhairt chun cuimhne na n-ainmniúchán sin (aithris 7). Mar sin féin, tugadh idirthréimhse a chuaigh in éag an 27 Aibreán 2017, trí na rialacháin lenar cláraíodh na ATFCanna atá faoi thrácht, do ghnóthais áirithe atá suite sa Chorsaic, a úsáideann ainmniúcháin den sórt sin, ach i dtaca le táirgí a bhfuil tréithe atá difriúil uathu siúd dá bhforáiltear leis na sonraíochtaí, ionas go bhféadfaidh siad dul in oiriúint do na sonraíochtaí nó, mura féidir, athrú a dhéanamh ar an tuairisc thrádála a úsáidtear (aithris 8). Dar leis an gCoimisiún, tagraíonn na hainmneacha“Jambon sec de l’Île de Beauté”, “Lonzo de l’Île de Beauté” agus “Coppa de l’Île de Beauté”, atá in úsáid sa trádáil ó 2015, don limistéar geografach céanna leis na ATFCanna thuasluaite, eadhon oileán na Corsaice, agus is eol go maith gur malairt leagan coitianta é “Île de Beauté” lena dtagraítear, gan débhrí, don Chorsaic, i súile tomhaltóirí Francacha (aithris 9). Dá bhrí sin, ón 18 Meitheamh 2014, maíonn sé go sáraíonn na hainmneacha“Jambon sec de l’Île de Beauté”, “Lonzo de l’Île de Beauté” agus “Coppa de l’Île de Beauté”an chosaint arna tabhairt leis na ATFCanna “Jambon sec de Corse”/“Jambon sec de Corse – Prisuttu”, “Lonzo de Corse”/“Lonzo de Corse – Lonzu”, “Coppa de Corse”/“Coppa de Corse – Coppa di Corsica” le hAirteagal 13(1)(b) de Rialachán Uimh. 1151/2012 (aithris 10). Cé go bhfuil fuaimniú na ATFCanna agus na TGFCanna difriúil, dar leis gur léir gur comhchiallaigh iad. Dá bhrí sin, ní féidir a chur as an áireamh go dtugtar chun cuimhne iad, ní gá cosúlacht foghraíochta chun go mbeidh tabhairt chun cuimhne i gceist (aithris 20). Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na hiarratais ar na hainmneacha“Jambon sec de l’Île de Beauté”, “Lonzo de l’Île de Beauté” agus “Coppa de l’Île de Beauté”, marTGFC ar an bhforas gur úsáideadh iad sa trádáil nó sa ghnáthchaint de shárú ar Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1151/2012 agus, dá bhrí sin, nár chomhlíon siad na coinníollacha incháilitheachta chun clárú, eadhon Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012 (aithris 24).

16

Mar thaca lena gcaingean, ardaíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí: sa chéad áit, sháraigh an Coimisiún a inniúlachtaí agus sa dara háit, léirigh na húdaráis náisiúnta agus an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit) go leordhóthanach go bhfuil na trí iarratas ar chlárú i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 13 de Rialachán Uimh. 1151/2012.

An chéad saincheist dlí: go bunúsach, sháraigh an Coimisiún a inniúlachtaí

[omissis]

Inniúlachtaí an Choimisiúin

[omissis]

21

Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara go mbunaítear córas roinnte inniúlachtaí le Rialachán Uimh. 1151/2012 a mhéid, go sonrach, nach féidir leis an gCoimisiún an cinneadh maidir le hainm a chlárú mar TGFC ach amháin más rud é gur chuir an Ballstát lena mbaineann iarratas faoina bhráid chuige sin agus nach féidir iarratas den sórt sin a dhéanamh ach amháin más rud é gur fhíoraigh an Ballstát sin go bhfuil bunús leis. Ar na cúiseanna leis an gcóras roinnte inniúlachtaí sin, glactar leis go bhfíorófar go gcomhlíontar líon áirithe coinníollacha, dá dteastaíonn, go mór, eolas domhain ar ghnéithe a bhaineann leis an mBallstát sin go sonrach, a bhfuil údaráis inniúla an Bhallstáit sa riocht is fearr chun iad a fhíorú (féach breithiúnas an 15 Aibreán 2021, Hengstenberg, C-53/20, EU:C:2021:279, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

22

Is léir ó Airteagal 1(1) den Rialachán sin, arna léamh i bhfianaise aithrisí 20 agus 39 de, go bhfuil an Rialachán sin dírithe freisin ar chosc ar chur air go gcruthófaí coinníollacha iomaíochta éagothroma (féach breithiúnas an 15 Aibreán 2021, Hengstenberg, C-53/20, EU:C:2021:279, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

23

Tá forálacha Rialachán Uimh. 1151/2012 dírithe ar chosc a chur air go mbainfí mí-úsáid as ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, ní hamháin chun leas na gceannaitheoirí, ach freisin chun leas na dtáirgeoirí a rinne iarrachtaí chun na tréithe a bhfuiltear ag súil leo sna táirgí a bhfuil tásca den sórt sin ag gabháil leo go dleathach a áirithiú (féach breithiúnas an 15 Aibreán 2021, Hengstenberg, C-53/20, EU:C:2021:279, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

24

Le haithris 19 den Rialachán sin, foráiltear go bhfuil urraim chomhionann ar fud an Aontais do na cearta maoine intleachtúla a bhaineann le hainmneacha faoi chosaint ina tosaíocht is féidir a ghnóthú ar shlí níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais (féach breithiúnas an 15 Aibreán 2021, Hengstenberg, C-53/20, EU:C:2021:279, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

25

Sa chéad áit, díospóideann na hiarratasóirí go bhfuil Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) den Rialachán sin, ina bhunús dlí bailí chun diúltú d’ainm a chlárú.

26

Mar réamhphointe, is féidir a thabhairt faoi deara gur léir ón litir ón gCoimisiún an 24 Samhain 2020 go raibh sé i gceist aige, ar dtús, diúltú do na hainmneacha a iarradh a chlárú ní hamháin ar bhonn Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) den Rialachán sin, ach freisin ar bhonn Airteagal 6(3) den Rialachán sin.

27

San fhoráil dheireanach sin, leagtar síos an prionsabal go gcuirtear cosc ar ainm “atá comhainmneach, go hiomlán nó go páirteach” le hainm a atá faoi chosaint cheana féin.

28

Nuair a cuireadh ceist air le linn na héisteachta, mhínigh an Coimisiún gur bheartaigh sé gan diúltú do na clárúcháin a iarradh ar bhonn Airteagal 6(3) de Rialachán Uimh. 1151/2012 freisin, toisc nár cheart go bhféadfaí diúltú d’iarratas ar chlárú ar bhonn comhainmníocht a bhaineann le tuairiscí ar ghnáthearraí, amhail “jambon sec” (liamhás leasaithe).

29

Ansin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar a leag an Coimisiún béim air, nach mbaineann Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1151/2012 le clárú, ach le raon feidhme na cosanta ar na hainmneacha a chláraítear.

30

Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an fhoráil sin amháin a bheith mar bhunús dlí d’iarratas ar chlárú a dhiúltú.

31

Ar an dara dul síos, mar a áitíonn na hiarratasóirí, baineann Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012 le “sonraíocht an táirge” don ainm atá ina ábhar d’iarratas ar chosaint mar ATFC nó TGFC. Baineann na hiarratasóirí de thátal as sin nach bhfuil an cheist maidir le tabhairt chun cuimhne bainteach le hincháilitheacht faoin bhforáil sin.

32

Mar sin féin, ní mór a thabhairt faoi deara nach mór don Choimisiún a mheas, i gcomhréir le hAirteagal 50(1) de Rialachán Uimh. 1151/2012, arna léamh i bhfianaise aithris 58 den Rialachán sin, i ndiaidh grinnscrúdú, an bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear le Rialachán Uimh. 1151/2012 sa tsonraíocht a ghabhann leis an iarratas ar chlárú agus an amhlaidh nach bhfuil earráidí follasacha ag baint leis an bhfaisnéis sin (breithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún, T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208, mír 67).

33

Is céim riachtanach sa nós imeachta chun gníomh an Aontais Eorpaigh lena gcláraítear ainmniúchán mar TGFC é an tsonraíocht a dhréachtú (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún, T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208, mír 35).

34

De réir théarmaí Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012, ní mór an t-ainm a n-iarrtar a chosaint a bheith sa tsonraíocht.

35

Dá réir sin, mar a áitíonn an Coimisiún, glactar leis san fhoráil sin, ar dá réir a chaithfidh an t-ainm “mar a úsáidtear é, bíodh sé sin sa trádáil nó sa ghnáthchaint” a bheith sa tsonraíocht, go ndeimhneoidh sé nach sáraíonn an úsáid sin an chosaint i gcoinne tabhairt chun cuimhne dá dtagraítear in Airteagal 13(1)(b) de Rialachán Uimh. 1151/2012.

36

Go deimhin, dá gceadófaí TGFC a chlárú sa chás go dtugann an tásc sin ATFC chun cuimhne, bhainfí an éifeacht den chosaint dá bhforáiltear le hAirteagal 13(1)(b) de Rialachán Uimh. 1151/2012, toisc, a luaithe a chláraítear an t-ainm sin mar TGFC, ní bheadh an chosaint sin dá bhforáiltear le hAirteagal 13(1)(b) de Rialachán Uimh. 1151/2012 á fáil a thuilleadh ag an ainm a cláraíodh roimhe sin mar ATFC.

37

Dá bhrí sin, ní fhéadfadh dréachtú sonraíochta, ar céim riachtanach é sa nós imeachta cláraithe a bheith curtha ó bhail mar gheall ar shárú trí bhíthin an ainmniúcháin a iarrtar, ar an gcosaint dá bhforáiltear in Airteagal 13(1)(b) de Rialachán Uimh. 1151/2012.

38

Dá réir sin, ní fhéadfaí a chur de cheangal ar an gCoimisiún, a bhfuil an cúram air, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1151/2012 an clárú a iarrtar a dhiúltú má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha riachtanacha le haghaidh clárú, clárú ainm a cheadú sa chás go measann sé go bhfuil úsáid an ainmniúcháin sin sa trádáil neamhdhleathach.

39

Dá réir sin, agus an Coimisiún den tuairim gurb amhlaidh ón 18 Meitheamh 2014 ar aghaidh, an dáta a tháinig na Rialacháin lenar cláraíodh na ATFCanna lena mbaineann i bhfeidhm, gurb ionann úsáid na n-ainmneacha a n-iarrtar a gclárú mar TGFC agus sárú ar an gcosaint a tugadh do na ATFC arna gclárú cheana sa chlár de bhun Airteagal 13(1)(b) de Rialachán Uimh. 1151/2012 i gcoinne tabhairt chun cuimhne, d’fhéadfadh sí a bhaint de thátal as sin go mbeadh úsáid den sórt sin sa trádáil nó sa ghnáthchaint neamhdhleathach.

40

Dá bhrí sin, bhí na hiarratasóirí mícheart nuair a rinne siad an argóint nach mbaineann ceist an tabhairt chun cuimhne le ceist na hincháilitheachta chun clárú faoi Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012 agus nach bhféadfadh an fhoráil sin arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) de Rialachán Uimh. 1151/2012 a bheith ina bhunús dlí bailí chun clárú ainmniúcháin a dhiúltú.

41

Sa dara háit, maidir le raon feidhme an scrúdaithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún i dtaobh an gcomhlíonann an t-ainm na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1151/2012, ní mór a thabhairt faoi deara, de réir aithris 58 de Rialachán Uimh. 1151/2012, go gcaithfidh an Coimisiún iniúchadh a dhéanamh ar na hiarratais lena áirithiú nach bhfuil aon earráidí follasacha iontu agus gur cuireadh dlí an Aontais agus leasanna páirtithe leasmhara lasmuigh de Bhallstát an iarratais san áireamh.

42

Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 50(1) de Rialachán Uimh. 1151/2012 go ndéanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú go hiomchuí ar na hiarratais ar chlárú arna seoladh ag na Ballstáit le seiceáil go bhfuil bonn cirt cuí leo agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha riachtanacha faoin Rialachán sin. Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Rialachán sin, mar atá luaite i mír 38 thuas, is ceart don Choimisiún diúltú do na hiarratais sin má mheasann sé nach gcomhlíontar na coinníollacha clárúcháin.

43

Thairis sin, ní leagtar síos i Rialachán Uimh. 1151/2012 an méid a chuimsítear leis an gcoincheap “go hiomchuí”, agus fágtar faoin gCoimisiún mar sin é a mheasúnú cad atá i gceist leis sin.

44

Dá bhrí sin, fiú má mheasann na húdaráis náisiúnta, sa chás gur sheol siad iarratas ar chlárú chuig an gCoimisiún, go gcomhlíonann an t-iarratas sin na coinníollacha a leagtar síos le Rialachán Uimh. 1151/2012, níl an Coimisiún faoi cheangal ag measúnú na n-údarás sin agus, a mhéid a bhaineann lena chinneadh ainm a chlárú mar ATFC nó TGFC, tá corrlach breithmheasa neamhspleách aige, ós rud é go gceanglaítear air a dheimhniú, i gcomhréir le hAirteagal 50 den Rialachán sin, go gcomhlíontar na coinníollacha clárúcháin sin.

45

Sa chás seo, áitíonn na hiarratasóirí, sa chinneadh atá faoi chonspóid nár shonraigh an Coimisiún ach, i ndiaidh comhfhreagras leis na húdaráis náisiúnta, gur thuig sé gur mheas siad go raibh “difríocht leordhóthanach” (aithris 16 den chinneadh atá faoi chonspóid) idir na trí ainm faoi chosaint ag ATFC agus na trí ainm dár iarraidh TGFC.

46

I ndáil leis sin, trí litir an 12 Feabhra 2019, chuir an Coimisiún in iúl do na húdaráis náisiúnta go raibh sé ar intinn aige cinneadh a ghlacadh lena ndiultófaí do na hiarratais ar chlárú na n-ainmneacha lena mbaineann mar TGFC agus inar iarr sé orthu barúlacha a chur in iúl.

47

I litir an 24 Samhain 2020, dheimhnigh an Coimisiún do na húdaráis náisiúnta go raibh sé ar intinn aige diúltú do na hiarratais a chlárú na TGFCanna lena mbaineann agus inar iarr sé arís ar na húdaráis náisiúnta barúlacha breise a thabhairt.

48

Mar sin, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta faoi dhó sular chinn sé nár chomhlíon na hiarratais ar chlárú na n-ainmneacha lena mbaineann na coinníollacha le haghaidh incháilitheacht chun clárú dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012 ós rud é gur úsáideadh iad sa trádáil nó sa ghnáthchaint de shárú ar Airteagal 13 den Rialachán sin (féach mír 10 thuas).

49

Contrártha don mhéid a áitíonn na hiarratasóirí, ní hamhlaidh nach ndearna an Coimisiún “ach a lua” gur mheas na húdaráis náisiúnta go raibh “difríocht leordhóthanach” idir na trí ainm faoi chosaint ag ATFC agus na trí ainm dár iarradh TGFC: is amhlaidh, sular ghlac siad an cinneadh atá faoi chonspóid, gur thug siad cuireadh do na húdaráis náisiúnta, faoi dhó, gach eolas cuí a chur ar fáil mar thaca lena n-iarratas ar na TGFCanna lena mbaineann a chlárú. A mhéid ba cheart a thuiscint go gcuireann na hiarratasóirí i leith an Choimisiúin, agus é a rá acu nach ndearna an Coimisiún ach “difríocht leordhóthanach” a lua idir na hainmneacha lena mbaineann, nach ndearna sé scrúdú leordhóthanach i dtaobh ar chomhlíon an t-ainmniúchán na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1151/2012, níor thug siad aon fhianaise ar aird mar thaca le hargóint den sórt sin. Go sonrach, níor mhínigh na hiarratasóirí an scrúdú a mhaíonn siad gur chóir don Choimisiún a dhéanamh.

50

Ar an tríú dul síos, maidir le corrlach breithmheasa an Choimisiúin, áitíonn na hiarratasóirí gur léir ó bhreithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún (T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208), go mbeadh sin “teoranta, más ann dó ar chor ar bith” maidir leis an gcinneadh chun ainmniúchán a chlárú mar ATFC nó TGFC.

51

I ndáil leis sin, chinn an Chúirt Ghinearálta i mbreithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún (T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208), sula ndéantar an TGFC a iarradh a chlárú, ní mór don Choimisiún a mheas, i gcomhréir le hAirteagal 50(1) de Rialachán Uimh. 1151/2012, arna léamh i bhfianaise aithris 58 den Rialachán sin, i ndiaidh iniúchadh, cé acu, ar an gcéad dul síos, an bhfuil an fhaisnéis go léir atá riachtanach faoi Rialachán Uimh. 1151/2012 sa tsonraíocht a ghabhann leis an iarratas ar chlárú agus an amhlaidh nach bhfuil earráidí follasacha ag baint leis an bhfaisnéis sin agus, ar an dara dul síos, an gcomhlíonann an t-ainmniúchán na coinníollacha maidir le TGFC a chlárú a leagtar síos in Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 1151/2012. Shonraigh an Chúirt Ghinearálta gur chóir don Choimisiún an measúnú sin a dhéanamh go neamhspleách i bhfianaise na gcritéar clárúcháin le haghaidh TGFC dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 1151/2012 d’fhonn cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin sin a áirithiú (breithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún, T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208, mír 67).

52

Sa chás seo, tagraíonn na hiarratasóirí go sonrach do mhíreanna 34, 35 agus 51 de bhreithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún (T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208). Sna míreanna sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, sa chéad áit, gur chóir an measúnú ar na coinníollacha a bhaineann le clárú a bheith déanta ag na húdaráis náisiúnta faoi réir athbhreithniú, i gcás inarb iomchuí, na gcúirteanna náisiúnta sula gcuirfear an t-iarratas ar chlárú ar aghaidh chuig an gCoimisiún (breithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún, T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208, mír 34), ar an dara dul síos, dá bhrí sin, gur céim riachtanach é an t-iarratas ar chlárú, ina bhfuil, go háirithe, an tsonraíocht, sa nós imeachta maidir le gníomh an Aontais Eorpaigh lena gcláraítear ainm mar TGFC a ghlacadh, agus nach bhfuil ach corrlach breithmheasa teoranta ag an gCoimisiún, más ann dó ar chor ar bith, i dtaca leis an ngníomh náisiúnta sin (breithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún, T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208, mír 35) agus, ar an tríú dul síos, nach bhfuil ach corrlach breithmheasa teoranta ag an gCoimisiún, más ann dó ar chor ar bith, i dtaca leis na measúnuithe arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta i dtaca le sainiú na modhanna monaraithe nó pacáistithe don táirge lena mbaineann an t-iarratas ar TGFC a chlárú, amhail iad siúd a leagtar amach sa tsonraíocht agus a léirítear sna gníomhartha náisiúnta a chuirtear faoina bhráid i gcomhthéacs an iarratais ar TGFC a chlárú (breithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún, T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208, mír 51).

53

Ní mór a thabhairt faoi deara, sa chás seo, nár thug an Coimisiún na measúnuithe a chuir na húdaráis náisiúnta in iúl faoi cheist i dtaca leis an méid a luaitear sa tsonraíocht, amhail sainiú na modhanna monaraithe nó pacáistithe an táirge lena mbaineann iarratas ar TGFC a chlárú, arb é a ndréachtú an chéad chéim sa nós imeachta chun na hainmneacha lena mbaineann a chlárú mar TGFC agus nach bhfuil ach corrlach breithmheasa teoranta ag an gCoimisiún ina leith, más ann dó ar chor ar bith (féach mír 52 thuas). Ba é mar chuid dá scrúdú d’fhonn na hiarratais sin a fhormheas, arb é an dara céim sa nós imeachta, a mheas an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta ina leith sin faoi dhó, mar is cuí, nár chomhlíon na hiarratais ar chlárú na n-ainmneacha lena mbaineann na coinníollacha le haghaidh incháilitheacht chun clárú dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012 ós rud é gur úsáideadh iad sa trádáil nó sa ghnáthchaint de shárú ar Airteagal 13 den Rialachán sin (féach mír 10 thuas).

54

Leanann sé ó Rialachán Uimh. 1151/2012 agus, go sonrach, ó aithris 58 den Rialachán sin gurb amhlaidh, sa chéad chéim, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán sin, go scrúdaíonn na húdaráis náisiúnta na hiarratais ar chlárú ainmneacha mar ATFC nó TGFC agus, má mheasann siad go gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin sin, cuireann siad comhad iarratais faoi bhráid an Choimisiúin agus, sa dara céim, i gcomhréir le hAirteagail 50 agus 52 den Rialachán sin, go scrúdaíonn an Coimisiún na hiarratais agus, ar bhonn na faisnéise atá aige agus bunaithe ar an scrúdú a rinne sé, cláraíonn sé na hainmneacha nó diúltaíonn sé do na hiarratais ar chlárú.

55

Dá bhrí sin, níl an tagairt a dhéanann na hiarratasóirí do bhreithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún (T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208), ábhartha, agus ní fhéadfadh na hiarratasóirí a bhaint de thátal as an mbreithiúnas sin go bhfuil corrlach breithmheasa “teoranta” ag an gCoimisiún, “más ann dó ar chor ar bith”. I ndáil leis sin, tugadh faoi deara cheana, maidir le cinneadh ainm a chlárú mar ATFC nó TGFC i bhfianaise na gcoinníollacha incháilitheachta le haghaidh clárú dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) den Rialachán sin, go bhfuil corrlach breithmheasa neamhspleách ag an gCoimisiún (féach mír 44 thuas).

56

Tagraíonn na hiarratasóirí freisin do mhír 25 de bhreithiúnas an 29 Eanáir 2020, GAEC Jeanningros (C-785/18, EU:C:2020:46), ar dá réir, i bhfianaise na cumhachta cinnteoireachta atá ag na húdaráis náisiúnta sa chóras roinnte inniúlachtaí, is faoi na cúirteanna náisiúnta amháin atá sé breith a thabhairt ar dhlíthiúlacht na ngníomhartha arna nglacadh ag na húdaráis sin, amhail iad siúd a bhaineann le hiarratais ar ainm a chlárú, ar céim riachtanach iad sin sa nós imeachta chun gníomh den Aontas Eorpach a ghlacadh, agus nach bhfuil ach corrlach breithmheasa teoranta ag institiúidí an Aontais i ndáil leis na gníomhartha sin, más ann dó ar chor ar bith. Tagraíonn na hiarratasóirí freisin do mhíreanna 35 agus 36 den bhreithiúnas sin, ar dá réir a bhfuil an corrlach breithmheasa atá ag an gCoimisiún maidir le mionleasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas, go bunúsach, mar is léir ó aithris 58 de Rialachán Uimh. 1151/2012, teoranta d’fhíorú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach san iarratas agus nach ndealraíonn sé go bhfuil earráidí follasacha ann.

57

Sa chás seo, mionathruithe ar an tsonraíocht a bhí i gceist. Luaigh an Chúirt, i mír 30 de bhreithiúnas an 29 Eanáir 2020, GAEC Jeanningros (C-785/18, EU:C:2020:46), go raibh iarratais den sórt sin faoi réir nós imeachta simplithe, ach atá cosúil, go bunúsach, leis an nós imeachta clárúcháin, a mhéid a bhunaítear leis freisin córas roinnte inniúlachtaí idir údaráis an Bhallstáit lena mbaineann agus an Coimisiún i dtaca, ar thaobh amháin, lena dheimhniú go bhfuil an t-iarratas ar leasú i gcomhréir leis na ceanglais a eascraíonn ó Rialachán Uimh. 1151/2012 agus, ar an taobh eile, le formheas an iarratais sin agus, i mír 31 den bhreithiúnas sin, gur faoi na cúirteanna náisiúnta atá sé breith a thabhairt ar neamhrialtachtaí i ngníomh náisiúnta i ndáil le hiarratas ar mhionleasú ar shonraíocht.

58

Sa chás seo, ní mionleasuithe ar an tsonraíocht atá i gceist, a bhfuil a dréachtú agus aon leasuithe bainteach leis an gcéad chéim den nós imeachta um ainm a chlárú, ach an cheist i dtaobh formheas nó diúltú, arna dhéanamh ag an gCoimisiún amháin, do chlárú na n-ainmneacha lena mbaineann, a thagann faoin dara céim den nós imeachta.

59

I ndáil leis sin, is léir ó mhír 25 de bhreithiúnas an 29 Eanáir 2020, GAEC Jeanningros (C-785/18, EU:C:2020:46), go mbaineann an “corrlach breithmheasa teoranta, más ann dó ar chor ar bith” atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh leis an gcéad cheann de na céimeanna sin, eadhon an chéim ar lena linn a bhailítear na doiciméid i gcomhad an iarratais ar chlárú a d’fhéadfadh sé go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta iad ar aghaidh chuig an gCoimisiún.

60

Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a bhaint de thátal as breithiúnas an 29 Eanáir 2020, GAEC Jeanningros (C-785/18, EU:C:2020:46), contrártha don mhéid a mhaíonn na hiarratasóirí, nach mbeadh ach “corrlach breithmheasa teoranta, más ann dó ar chor ar bith” ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an dara céim, a mhéid a bhaineann leis an gcinneadh chun ainm a chlárú mar ATFC nó TGFC i bhfianaise na gcoinníollacha incháilitheachta dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 1151/2012, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(1)(b) den Rialachán sin.

61

Dá bhrí sin, ní mór diúltú do na hargóintí gur sháraigh an Coimisiún a inniúlachtaí, toisc nach bhfuil bunús leo.

Res judicata

62

Measann na hiarratasóirí nach raibh sé de cheart ag an gCoimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, an méid a bhfuil breithiúnas críochnaitheach tugtha ina leith i mír 5 de bhreithiúnais an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit) an 19 Nollaig 2019 agus an 13 Feabhra 2020, a thabhairt faoi cheist, is é sin nach raibh riosca ann, do thomhaltóirí atá réasúnta eolach agus réasúnta géarchúiseach agus cáiréiseach, go dtabharfaí chun cuimhne na ATFCanna cláraithe leis na TGFCanna a iarradh.

63

I ndáil leis sin, mar a luaitear i mír 51 thuas, ní mór don Choimisiún measúnú neamhspleách a dhéanamh an gcomhlíontar na critéir dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 1151/2012 maidir le TGFC a chlárú d’fhonn cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin sin a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Aibreán 2018, CRM v an Coimisiún, T-43/15, nár foilsíodh, EU:T:2018:208, mír 67).

64

Dá réir sin, ní féidir cinneadh ó chúirt náisiúnta a bhfuil údarás res judicata aige a agairt chun an measúnú sin a thabhairt faoi cheist.

65

Ní mór argóint na n-iarratasóirí bunaithe ar shárú ar res judicata na mbreithiúnas ón Conseil d’État (an Chomhairle Stáit) an 19 Nollaig 2019 agus an 13 Feabhra 2020 a dhiúltú, toisc nach bhfuil bunús léi.

66

Dá bhrí sin, ní mór diúltú don chéad saincheist dlí toisc nach bhfuil bunús léi.

[omissis]

 

Ar na forais sin,

dearbhaíonn agus ordaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra Méadaithe)

mar seo a leanas:

 

1.

Diúltaítear don chaingean.

 

2.

Ordaítear do Cunsorziu di i Salamaghji Corsi – Consortium des Charcutiers Corses agus do na hiarratasóirí eile a luaitear a n-ainmneacha i gceangal in iarscríbhinn a gcostais féin a íoc, mar aon leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún.

 

Marcoulli

Frimodt Nielsen

Schwarcz

Tomljenović

Norkus

Arna thabhairt i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 12 Iúil 2023.

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.

( 1 ) Gabhann liosta na n-iarratasóirí eile leis an leagan a seirbheáladh ar na páirtithe, agus leis an leagan sin amháin.

( 2 ) Ní atáirgtear ach na míreanna den bhreithiúnas seo ar mheas an Chúirt Ghinearálta go raibh gá leo.