18.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 329/26


Ordú na Cúirte Ginearálta an 27 juillet 2023 – Frajese v an Coimisiún

(Cás T-786/22) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Údarú margaíochta don táirge íocshláinte ‘Spikevax’ - Údarú margaíochta don táirge íocshláinte ‘Comirnaty’ - Vacsaín COVID-19 - Easpa locus standi - Easpa cúram díreach - Easpa cúram aonair - Do-ghlacthacht)

(2023/C 329/38)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Giovanni Frajese (an Róimh, an Iodáil) (ionadaithe: O. Milanese agus A. Montanari, dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Gattinara agus A. Sipos, gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, sa chéad áit, Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 7163 final ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle do ‘Spikevax – elasomeran’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Cinneadh C(2021) 94 final, agus, sa dara háit, Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2022 lena ndeonaítear údarú margaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle do ‘Comirnaty — tozinameran, vacsaín mRNA COVID-19 (núicléisíd-modhnaithe)’, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine agus lena n-aisghairtear Cinneadh C (2020) 9598 final.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

2)

Ordaítear do Giovanni Frajese na costais a íoc.


(1)   IO C 63, 20.2.2023.