22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/49


Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 22 Márta 2023 – TP v an Coimisiún

(Cás T-776/22 R)

(Imeachtaí idirlinne - Conarthaí seirbhíse poiblí - Rialáil airgeadais - Eisiamh ó nósanna imeachta soláthair á maoiniú le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ag CEF ar feadh dhá bhliain - Iarratas ar bhac ar fhorghníomhaithe - Easpa práinne)

(2023/C 179/73)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TP (ionadaithe: T. Faber, F. Bonke agus I. Sauvagnac, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Moro, F. Behre agus P. Rossi, Gníomhairí)

Ábhar

Lena iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí bac ar fhorghníomhú chinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2022 lenar eisiadh é ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta dámhachtana a rialaítear le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1), ó roghnúchán i gcur chun feidhme chistí an Aontais agus ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta dámhachtana a rialaítear le Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018, maidir leis an Rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, lch. 1).

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta idirlinne.

(2)

Forchoimeádtar na costais.