22.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/47


Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Márta 2023 – Thomas Henry v EUIPO (MATE MATE)

(Cás T-482/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh MATE MATE - Dearbhfhorais le diúltú - Cineál tuairisciúil - Easpa saincháilíochta - Cineál míthreorach - Airteagal 7(1)(b), (c) agus (g) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bunús sa dlí go follasach)

(2023/C 179/70)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Thomas Henry GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Spieker, D. Mienert agus J. Si-Ha Selbmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Walicka, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Bealtaine 2022 (Cás R 406/2021-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 359, 19.9.2022.