11.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 127/39


Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2023 – Aziz v an Coimisiún

(Cás T-266/22) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Cosaint sonraí pearsanta - Rialachán (AE) 2018/1725 - Airteagal 76(d) de na Rialacha Nós Imeachta - Sárú ar cheanglais nós imeachta - Do-ghlacthacht)

(2023/C 127/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ahmad Aziz (Pietà, Málta) (ionadaí: L. Cuschieri, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Bouchagiar agus H. Kranenborg, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfí ar neamhní Cinneadh Ares(2022) 2457760 ón gCoimisiún Eorpach an 1 Aibreán 2022 agus Cinneadh Ares(2022) 3227480 ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2022 maidir lena chuid iarrataí rochtana ar shonraí pearsanta agus lena chuid iarrataí go gcuirfí na sonraí sin i gceart.

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

(2)

Ordaítear don Uasal Ahmad Aziz a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


(1)  IO C 359, 19.9.2022.