|
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/41 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (catlover)
(Cás T-232/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh catlover - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
(2023/C 24/56)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Growth Finance Plus AG (Gommiswald, An Eilvéis) (ionadaí: H. Twelmeier, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Feabhra 2022 (Cás R 717/2020-5) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Growth Finance Plus AG na costais a íoc. |