30.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 189/32 |
Ordú ón gCúirt Ghinearálta an 31 Márta 2023 – Eggers & Franke v EUIPO –E. & J. Gallo Winery (EF)
(Cás T-183/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
(2023/C 189/42)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Eggers & Franke Holding GmbH (Bremen, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Ebert-Weidenfeller agus H. Förster, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus T. Klee, i gcáil Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: E. & J. Gallo Winery (Modesto, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: V. von Bomhard agus J. Fuhrmann, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena hiarratas bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 4 Feabhra 2022 (Cás R 729/2021-5) ar neamhní, Cinneadh a bhaineann le himeachtaí freasúra idir E. & J. Gallo Winery agus Eggers & Franke Holding GmbH.
An chuid oibríochtúil
1) |
Níl gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh. |
2) |
Ordaítear do Eggers & Franke Holding GmbH agus E. & J. Gallo Winery a gcostais féin chomh maith le, gach ceann acu, leath de na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |