6.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 83/24


Ordú na Cúirte Ginearálta an 18 Eanáir 2023 – Seifert v an Chomhairle

(Cás T-166/22) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú - Bearta a bhaineann le náisiúnaigh na Rúise, daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis agus daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis - Easnamh leasa chun imeachtaí a thionscnamh - Do-ghlacthacht)

(2023/C 83/30)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Evgenia Seifert (München, an Ghearmáin) (ionadaí: T. Seifert, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Haas agus A. Westerhof Löfflerová, Gníomhairí)

Ábhar:

Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéandaí Airteagal 1, mír 9, de Rialachán (AE) 2022/328 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 49, lch. 1) a chur ar neamhní, toisc go sáródh an fhoráil seo prionsabal an neamh-idirdhealaithe a léitear i dteannta lena ceart chun príobháideachas a urramú.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha.

2)

Ordaítear do Evgenia Seifert a cuid costais féin a íoc agus costais Chomhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.


(1)  IO C 222, 7.6.2022.