20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/50


Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Kremer v an Coimisiún

(Cás T-110/22) (1)

(Státsheirbhís - Ball foirne ar conradh - Pinsin scoir - Cearta pinsin a fuarthas roimh dhul isteach i seirbhís an Aontais Eorpaigh - Aistriú go scéim an Aontais - Blianta de sheirbhís inphinsin sa bhreis - Caingean le haghaidh neamhniú - Iarratas ar aisíocaíocht an chaipitil a aistríodh nár eascair bónas as - Teorainn ama chun gearán a dhéanamh - Saibhriú éagórach - Do-ghlacthacht fhollasach)

(2023/C 63/66)

Teanga an Cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Christiane Kremer (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: D. Grisay agus A. Ansay, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Mongin, M. Brauhoff agus L. Radu Bouyon, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an gCosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: J. Van Pottelberge agus M. Windisch, i gcáil Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer agus I. Demoulin, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt, go bunúsach, ar bhonn príomha, sa chéad áit, neamhniú a dhéanamh ar chinneadh an 24 Feabhra 2022 ón gCoimisiún Eorpach lenar diúltaíodh dá gearán sa mhéid go mbaineann sé le neamhniú fhógra an 13 Eanáir 2017 maidir lena cearta pinsin scoir a chinneadh agus, sa dara háit, a cás a aistriú chuig an údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta an Choimisiún a thabhairt i gcrích d’fhonn an méid atá le haisíoc dó a chinneadh agus, de rogha ar an méid sin, a ordú don Choimisiún EUR 55 401,07 a íoc mar gheall ar shaibhriú éagórach.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean toisc toisc í a bheith doghlactha go follasach.

2.

Ordaítear do Christiane Kremer a costais féin a íoc chomh maith le costais an Choimisiúin.

3.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a gcuid costas féin a íoc.


(1)  IO C 158, 11.4.2022.