|
25.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 171/30 |
Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 3 Márta 2022 – Esedra v an Pharlaimint
(Cás T-46/22 R)
(Bearta idirlinne - Conarthaí poiblí seirbhísí - Seirbhísí luath-óige - Iarratas ar bhearta idirlinne - Easpa práinne)
(2022/C 171/55)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Esedra SRL (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: M. Vastmans, Dlíodóir)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Pencheva agus M. Kazek, i gcáil Gníomhairí)
Maidir le
Iarratas bunaithe ar Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE ag lorg, ar an gcéad dul síos, bac a chur ar fhorghníomhú chinneadh na Parlaiminte an 26 Samhain 2021 chun an conradh poiblí seirbhísí a dhámhachtain le haghaidh “Bainistiú iomlán lárionad cúram leanaí Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, lonnaithe ar Rue Wayenberg” chuig tairgeoir eile agus tairiscint an iarratasóra a dhiúltú, agus, ar an dara dul síos, a ordú don Pharlaimint na bearta is gá a ghlacadh chun éifeachtaí an chinnidh dámhachtana nó an chonartha a tugadh i gcrích tar éis an chinnidh sin a chur ar fionraí.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Déantar an t-iarratas ar bhearta idirlinne a dhíbhe. |
|
2) |
Déantar na costais a fhorchoimeád. |