|
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/43 |
Ordú na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – Perez Lopes Pargana Calado v Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
(Cás T-31/22) (1)
(Conarthaí seirbhíse poiblí - Cinntí faoi chonspóid a tharraingt siar - Níl gá le breith a thabhairt)
(2022/C 340/60)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Ana Teresa Perez Lopes Pargana Calado (Liospóin, an Phortaingéil) (ionadaí: M. Marques Matias, Dlíodóir)
Cosantóir(í): Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Inghelram agus Á. Almendros Manzano, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar ceal cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena ndiúltaítear dá hiarratais ar pháirt a ghlacadh i gconarthaí seirbhíse poiblí maidir le téacsanna dlí a aistriú ó theangacha áirithe den Aontas Eorpach go dtí an Phortaingéilis
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Níl gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a tuilleadh. |
|
2. |
Íocfaidh an Chúirt Bhreithiúnais as a costais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Ana Teresa Perez Lopes Pargana Calado. |