25.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 338/22


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2023 – Mood Media Netherlands v EUIPO – Tailoradio (RADIO MOOD In-store Radio, made easy)

(Cás T-663/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘RADIO MOOD In-store Radio, made easy’ - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh roimhe seo ‘MOOD:MIX’ - Foras coibhneasta le diúltú - Easpa baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001])

(2023/C 338/29)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Mood Media Netherlands BV (Narde, an Ísiltír) (ionadaí: A.-M. Pecoraro, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Tailoradio Srl (Milano, an Iodáil) (ionadaithe: A. Sobol agus S. Bernardini, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Lúnasa 2022 (Cás R 1853/2018-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Mood Media Netherlands BV, anuas ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag Tailoradio Srl le haghaidh na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

3)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin.


(1)   IO C 7, 9.1.2023.