24.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 261/35


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Sanity Group v EUIPO – AC Marca Brands (Sanity Group)

(Cás T-541/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Sanity Group’ - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘SANYTOL’ - Cúis choibhneasta le diúltú - Damáiste do chlú - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 261/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sanity Group GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: B. Koch agus V. Wolf, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Klee, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: AC Marca Brands, SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaithe: D. Pellisé Urquiza agus J. C. Quero Navarro, Dlíodóirí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 22 Meitheamh 2022 (Cás R 2107/2021-1).

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear do Sanity Group GmBH na costais a íoc.


(1)  IO C 408, 24.10.2022.