17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/16


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Feabhra 2023 – Deutsche Bank v EUIPO – Operación y Auditoria (avanza Tu negocio)

(Cás T-341/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “avanza Tu negocio” - Marc fíortha náisiúnta de chuid an Aontais Eorpaigh “Avanza Credit de Deutsche Bank” roimhe seo - Foras coibhneasta le diúltú - Éagmais baoil mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 134/21)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Deutsche Bank, SA Española (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: I. Valdelomar Serrano, J. L. Rodriguez Fuensalida, P. Ramells Higueras agus A. Figuerola Moure, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: R. Raponi, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Operación y Auditoria, SA de CV, SOFOM, ENR (Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go neamhneofaí agus go n-athrófaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Márta 2022 (Cás R 1808/2021-5), maidir le himeachtaí freasúra idir an t-iarratasóir agus Operación y Auditoria, SA de CV, SOFOM, ENR.

An chuid oibríochtúil

(1)

Diúltaítear don chaingean.

(2)

Ordaítear do Deutsche Bank, SA Española na costais a íoc.


(1)  IO C 294, 1.8.2022.