25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 338/20 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Iúil 2023 – Pshonka v an Comhairle
(Cás T-244/22) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna ndéanamh i bhfianaise na staide san Úcráin - Reo na gcistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - Ceanglas na Comhairle chun a fhíorú gur glacadh cinneadh údaráis tríú Stát i gcomhréir le cearta na cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil)
(2023/C 338/26)
Teanga an cháis: an tSeicis
Páirtithe
Iarratasóir: Viktor Pavlovych Pshonka (Kiev, an Úcráin) (ionadaí: M. Mleziva, Dlíodóir)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Pekař agus A. Boggio-Tomasaz, Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2022 L 70, lch. 7), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO 2022 L 70, lch. 1) ar neamhní, a mhéid a ndéantar a ainm a choinneáil, leis na bearta sin, ar liosta na ndaoine, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha sin maidir leo.
An chuid oibríochtúil
1. |
Déantar Cinneadh (CBES) 2022/376 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/375 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, a chur ar neamhní a mhéid a coinníodh ainm Viktor Pavlovych Pshonka ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a bhfuil feidhm ag na bearta sin maidir leo. |
2. |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc. |