|
8.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 164/40 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Márta 2023 – Zelmotor v EUIPO – B&B Trends (zelmotor)
(Cás T-194/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “zelmotor” - Easpa fíorúsáide an trádmhairc - Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 164/56)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Zelmotor sp. z o.o. (Rzeszów, an Pholainn) (ionadaí: M. Rumak, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: B&B Trends, SL (Santa Perpetua de Mogoda, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 4 Feabhra 2022 (Cás R 927/2021-2) a chur ar neamhní i bpáirt.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Díbhtear an chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Zelmotor sp. z o.o. a chostais féin a íoc mar aon leo sin arna dtabhú ag B&B Trends, SL. |
|
3) |
Íocfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a chostais féin. |