19.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 216/46


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Aibreán 2023 – Volkswagen v EUIPO – XTG (XTG)

(Cás T-153/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh XTG - Marc fíortha níos luaithe GTX - Foras coibhneasta le diúltú - Éagmais dóchúlacht mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 216/61)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Volkswagen AG (Wolfsburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: S. Machei agus G. Orsoni, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Chylińska agus T. Frydendahl, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: XTG S.A. (Wrocław, an Pholainn)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Nollaig 2021 (Cás R 1387/2021-5) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Volkswagen AG na costais a íoc.


(1)  IO C 198, 16.5.2022.