|
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/34 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Sport1 v EUIPO – SFR (SFR SPORT1)
(Cás T-141/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SFR SPORT 1 - Marcanna fíortha náisiúnta agus idirnáisiúnta níos luaithe sport1 - Forais choibhneasta le diúltú - Easpa baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] - Saincháilíocht a fuarthas trí úsáid - Idirspleáchas na bhfactóirí)
(2023/C 112/43)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sport1 GmbH (Ismaning, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Krekel agus C. Otto, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Société française du radiotéléphone – SFR (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: M. Pasquier, Dlíodóir)
Ábhar:
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Nollaig 2021 a chur ar neamhní (Cás R 2329/2020-1).
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Nollaig 2021 (Cás R 2329/2020-1) ar neamhní i bpáirt, a mhéid a dhearbhaigh an Bord Achomhairc nárbh ann d’aon bhaol mearbhaill maidir leis na seirbhísí a chumhdaítear faoin marc a bhfuil iarratas déanta air a ndéantar tagairt dóibh i míreanna 42 go 44 agus 52 go 61 den chinneadh sin. |
|
2. |
Diúltaítear don chuid eile don chaingean. |
|
3. |
Ordaítear do EUIPO a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Sport1 GmbH, a íoc. |
|
4. |
Ordaítear do Société française du radiotéléphone – SFR a chostais féin a íoc. |