|
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/40 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Iúil 2022 – RT France v an Chomhairle
(Cás T-125/22) (1)
(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh maidir le gníomhaíochtaí na Rúise chun an staid san Úcráin a dhíchobhsú - Toirmeasc sealadach ar chraoladh agus fionraí údaruithe chun ábhar meáin áirithe a chraoladh - Clárú ar liosta de na heintitis atá faoi réir bearta sriantacha - Dlínse na Comhairle - Ceart chun cosanta - Ceart éisteacht a fháil - Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil - Comhréireacht - Saoirse chun gnó a sheoladh - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhíthin náisiúntachta)
(2022/C 340/55)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: RT France (Boulogne-Billancourt, an Fhrainc) (ionadaithe: E. Piwnica agus M. Nguyen Chanh, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Lejeune, R. Meyer agus S. Emmerechts, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraithe chun tacú leis na cosantóirí: Ríocht na Beilge (ionadaithe: C. Pochet, M. Van Regemorter agus L. Van den Broeck, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na hEastóine (ionadaithe: N. Grünberg agus M. Kriisa, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.-L. Desjonquères, J.-L. Carré, W. Zemamta et T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Laitvia (ionadaithe: K. Pommere, J. Davidoviča, I. Hūna, D. Ciemiņa agus V. Borodiņeca, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Liotuáine (ionadaithe: K. Dieninis agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Polainne (ionadaithe: B. Majczyna agus A. Miłkowska, i gcáil Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Calleja Crespo, V. Di Bucci, J.-F. Brakeland agus M. Carpus Carcea, i gcáil Gníomhairí), Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (ionadaithe: F. Hoffmeister, L. Havas agus M. A. De Almeida Veiga, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2022/351 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 65, lch. 5), agus Rialachán (AE) 2022/350 ón gComhairle an 1 Márta 2022, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 65, lch. 1) ar neamhní, a mhéid atá na gníomhartha seo dírithe air.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Is ar RT France a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta eatramhach. |
|
3) |
Is ar Ríocht na Beilge, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Fraince, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na Polainne, an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a gcostais féin a íoc. |