|
2.5.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 155/56 |
Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 8 Márta 2023 – Kampete v An Chomhairle
(Cás T-96/22) (1)
(An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srian ar ligean isteach ar chríocha na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar na liostaí de na daoine atá i gceist - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas go bhfuil bunús maith le cuimsiú agus coinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasaithe measúnaithe - Leanúint leis na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla ba chúis le glacadh na mbeart sriantach)
(2023/C 155/72)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Ilunga Kampete (Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: B. Driessen agus M.-C. Cadilhac, Gníomhairí)
Ábhar
Trína ghníomhaíocht de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí, ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75) agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3), a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
|
2) |
Ordaítear do Ilunga Kampete na costais a íoc. |