8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 164/37


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Márta 2023 – Ruhorimbere v an Chomhairle

(Cás T-91/22) (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha a glacadh i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Reo na gcistí - Srian ar ligean isteach i gcríocha na mBallstát - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar liostaí na ndaoine a chumhdaítear - An ceart chun éisteacht a fháil - Cruthúnas gur cuí na hainmneacha a chuimsiú agus a choinneáil ar na liostaí - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Buanú na gcúinsí fíorasacha agus dlíthiúla ba bhun le glacadh na mbeart sriantach)

(2023/C 164/50)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Eric Ruhorimbere (Mbuji-Mayi, Poblacht Dhaonlathach an Chongó) (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac agus S. Lejeune, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go ndéanfaí Cinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 75) a neamhniú agus, ar an dara dul síos, go ndéanfaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2177 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an trádbhac arm i ndáil le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO 2021 L 443, lch. 3) a neamhniú, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis féin.

An chuid oibriochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc.

2.

Ordaítear do Éric Ruhorimbere na costais a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.