8.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 164/36


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Márta 2023 – Homy Casa v EUIPO – Albatros International (Chaises)

(Cás T-89/22) (1)

(Dearadh pobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear cathaoir - Dearadh níos luaithe - Foras le haghaidh neamhbhailíochta - Nochtadh an dearaidh níos luaithe - Nochtadh ar an idirlíon - Sainaithint an dearaidh níos luaithe - Cumhacht mheasúnaithe an Bhoird Achomhairc - Airteagal 63(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)

(2023/C 164/49)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Homy Casa Ltd (Guangzhou, an tSín) (ionadaí: J. Vogtmeier, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Nicolás Gómez agus J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Albatros International GmbH (Nerdlen, an Ghearmáin) (ionadaí: Biesterfeld-Kuhn, Dlíodóir)

Ábhar

Leis an gcaingean de bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Samhain 2021 (Cás R 837/2020-3) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Cuirtear an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de chuid Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Samhain 2021 (Cás R 837/2020-3 ar neamhní).

2)

Ordaítear do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin arna dtabhú de riachtanais ag Homy Casa Ltd chun críocha na n-imeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO.

3)

Ordaítear do Albatros International GmbH a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.