17.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 134/13 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Márta 2023 – Romedor Pharma v EUIPO – Perfect Care Distribution (CERVIRON perfect care)
(Cás T-38/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “CERVIRON perfect care” - Marc náisiúnta neamhchláraithe níos luaithe “CERVIRON” - Foras coibhneasta le neamhbhailíocht - Airteagal 8(4) agus Airteagal 60(1)(c) de Rialachán (CE) 2017/2001))
(2023/C 134/17)
Teanga an cháis: an Rómáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Romedor Pharma SRL (Focşani, an Rómáin) (ionadaí: E.-M. Dicu, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: R. Manea agus E. Markakis, Gníomhairí)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Perfect Care Distribution SRL (Búcairist, an Rómáin) (ionadaí: R. Pop, Dlíodóir)
Ábhar:
Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Samhain 2021 (Cás R 521/2021-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Romedor Pharma SRL a chostais féin a íoc agus na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc. |
3) |
Ordaítear do Perfect Care Distribution SRL a chostais féin a íoc. |