|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/44 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – Nemport Liman İşletmeleri Ve Özel Antrepo Nakliye Ticaret v EUIPO – Newport Europe (NEMPORT LİMAN İŞLETMELERİ)
(Cás T-18/22) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “NEMPORT LİMAN İŞLETMELERİ” - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe “Newport” - Foras coibhneasta le diúltú - Éagmas riosca mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
(2023/C 63/55)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nemport Liman İşletmeleri Ve Özel Antrepo Nakliye Ticaret AŞ (Izmir, an Tuirc) (ionadaí: V. Martín Santos, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Newport Europe BV (Moerdijk, an Ísiltír)
Maidir le:
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Samhain 2021 (Cás R 562/2021-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Cuirtear cinneadh an Cheathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Samhain 2021 (Cás R 562/2021-4) ar neamhní. |
|
2. |
Ordaítear do EUIPO na costais a íoc. |