9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/31 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 9 Samhain 2022 – Loutsou v EUIPO (POLIS LOUTRON)
(Cás T-13/22) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “POLIS LOUTRON” - Dearbhfhorais le diúltú - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Easpa saincháilíochta - Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001)
(2023/C 7/40)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Iarratasóir: Alexandra Loutsou (Thessaloniki, an Ghréig) (ionadaí: S. Psomakakis, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, Gníomhaire)
Maidir le:
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go ndéanfar an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 544/2020-1) a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. |
Diúltaítear don chaingean. |
2. |
Ordaítear do Alexandra Loutsou na costais a íoc. |