|
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/57 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Hasco TM v EUIPO – Esi (NATURCAPS)
(Cás T-12/22) (1)
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí cúlghairme - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh NATURCAPS - Focalmharc náisiúnta níos luaithe NATURCAPS - Easpa fíorúsáid an trádmhairc níos luaithe - Airteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cáilíocht táirgí cógaisíochta agus forbhianna)
(2023/C 35/69)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Hasco TM sp. z o.o. sp.k. (Wrocław, an Pholainn) (ionadaí: M. Krekora, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Esi Srl (Albisola Superiore, an Iodáil)
Ábhar
Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Samhain 2021 (Cás R 617/2021-4) a neamhniú.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Diúltaítear don achomharc. |
|
2) |
Ordaítear do Hasco TM sp. z o.o. sp.k. na costais a íoc. |