ORDÚ ÓN gCÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh)

8 Bealtaine 2023 ( *1 )

(Achomharc – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Ligean d’achomharc dul ar aghaidh – Airteagal 170b de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Iarratas ag léiriú a shuntasaí is atá ábhar i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais – Ligean d’achomharc dul ar aghaidh go páirteach)

I gCás C-776/22 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a tionscnaíodh an 20 Nollaig 2022,

Studio Legale Ughi e Nunziante, a bunaíodh sa Róimh (an Iodáil), arna ionadú ag L. Cascone, A. Clemente, F. de Filippis, agus A. Marega, avvocati,

achomharcóir,

Páirtí eile sna himeachtaí:

Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO),

cosantóir ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, M. Safjan agus N. Jääskinen (Rapóirtéir), Breithiúna,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don togra ón mBreitheamh is Rapóirtéir agus tar éis di an tAbhcóide Ginearálta, J. Richard de la Tour, a éisteacht,

an tOrdú seo a leanas:

Ordú

1

Lena achomharc, iarrann Studio Legale Ughi e Nunziante go ndéanfaí neamhniú ar an ordú ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 10 Deireadh Fómhair 2022, Studio Legale Ughi e Nunziante v EUIPONunziante agus Ughi (UGHI E NUNZIANTE) (T-389/22, nár foilsíodh, “an t-ordú atá faoi achomharc”, EU:T:2022:662), trínar dhíbh an Chúirt Ghinearálta an t-iarratas go ndéanfaí neamhniú ar chinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Aibreán 2022 (Cás R 407/2021-5), a bhaineann le himeachtaí chun an trádmharc Ughi e Nunziante, arna thionscnamh ag Studio Legale Ughi e Nunziante, a chúlghairm.

An t-iarratas go ligfí don achomharc dul ar aghaidh

2

Faoin gcéad mhír d’Airteagal 58a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, maidir le hachomharc arna dhéanamh i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh a rinne bord achomhairc neamhspleách de EUIPO, ní rachaidh sé ar aghaidh mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais i dtús báire gur cheart ligean dó dul ar aghaidh.

3

I gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 58a den Reacht sin, ligfear d’achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, i gcás ina n‑ardófar saincheist atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

4

Faoi Airteagal 170a(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 58a den Reacht, cuirfidh an t‑achomharcóir iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh ag gabháil leis an achomharc sin lena leagfar amach an tsaincheist a ardaítear leis an achomharc atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais agus ina mbeidh an fhaisnéis go léir is gá chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar an iarratas sin.

5

I gcomhréir le hAirteagal 170b(1) agus (3) de na Rialacha Nós Imeachta sin, tabharfaidh an Chúirt a breith ar an iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh a luaithe agus is féidir, le hordú réasúnaithe.

6

De bhun an dara habairt d’Airteagal 170b(4) de na Rialacha Nós Imeachta sin, seirbheálfar an t-ordú dá dtagraítear sa mhír roimhe sin, chomh maith leis an achomharc, ar na páirtithe sa chás lena mbaineann os comhair na Cúirte Ginearálta agus sonrófar san ordú sin, sa chás ina ligfear don achomharc dul ar aghaidh go páirteach, na saincheisteanna dlí nó na codanna den achomharc lena mbainfidh an fhrithaighneacht.

Argóintí an achomharcóra

7

I dtacaíocht lena iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh, áitíonn an t-achomharcóir go n‑ardaítear leis na trí shaincheist dlí lena achomharc, lena líomhnaítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar Airteagail 119 agus 126 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ar an dara dul síos, sárú ar Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 51 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta agus, ar an tríú dul síos, sárú ar Airteagail 47 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus, b’fhéidir, ar Airteagal 51(4) agus Airteagal 55(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, saincheist atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

8

Is fíor sin i gcás na chéad saincheiste dlí san achomharc, trína líomhnaíonn an t-achomharcóir gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 119 agus 126 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a mhéid nach bhfuil ráiteas leordhóthanach ar chúiseanna san ordú sin. Níl aon argóint san ordú atá faoi achomharc lena dtugtar údar maith le hinfheidhmeacht an cheanglais i ndáil le neamhspleáchas an dlíodóra sa chás gur gnólacht dlí é an t-achomharcóir a bhfuil na hionadaithe os comhair na Cúirte Ginearálta ina gcomhaltaí de. Ina theannta sin, mhainnigh an Chúirt Ghinearálta na cúiseanna a lua lena cinneadh, i mír 16 den ordú atá faoi achomharc, nach bhféadfadh na dlíodóirí arna n‑áirithiú, toisc amháin go raibh siad ina gcomhaltaí den chomhlachas, a bheith neamhspleách.

9

Leis an dara saincheist dlí san achomharc, líomhnaíonn an t‑achomharcóir gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 51 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta trí neamhaird a thabhairt ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an gceanglas i ndáil le neamhspleáchas an dlíodóra, ar dá réir is iad caomhnú agus cosaint leasanna an chliaint na leasanna a chaomhnaítear leis an gceanglas sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2022, Universität Bremen v REA, C‑110/21 P, EU:C:2022:555).

10

Dá bhrí sin, líomhnaítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach bhfuil comhpháirtí i ngnólacht dlí, ar iarratasóir é os a comhair, neamhspleách. Dearbhaíonn an t‑achomharcóir, i ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil, faoi chóras dlí na hIodáile, caidreamh fostaíochta idir comhlachas gairmiúil agus duine dá chomhaltaí, ós rud é go bhfuil gairm an dlíodóra, san Iodáil, ar neamhréir ó thaobh struchtúir de le fostaíocht ar thuarastal, de réir bhrí dhlí na hIodáile. Ar an dara dul síos, tagann seirbhísí atá á soláthar don chomhlachas ag a chomhaltaí go hiomlán faoi chuimsiú an dlí sin agus faoi na rialacha iompair ghairmiúil lena rialaítear cleachtas na gairme san Iodáil, ina leagtar síos, iontu go léir, an dualgas i ndáil le neamhspleáchas an dlíodóra.

11

Ina theannta sin, tagraíonn an t-achomharcóir do chásdlí na Cúirte Breithiúnais a d’eascair as breithiúnas an 24 Márta 2022, PJ agus PC v EUIPO (C‑529/18 P agus C‑531/18 P, EU:C:2022:218, mír 72), ar dá réir nach leor caidreamh conarthach ar bith faoin dlí sibhialta idir dlíodóir agus a chliant chun a mheas gurb é atá ann don dlíodóir sin ná go mbaintear an bonn go follasach dá chumas leasanna a chliaint a chosaint agus an critéar i ndáil le neamhspleáchas a chomhlíonadh. Déanta na fírinne, ní bheadh aon choinbhleacht leasa i gceist i gcás ina bhfuil comhpháirtí i ngnólacht dlí á áirithiú ag an ngnólacht sin chun ionadaíocht a dhéanamh ar a shon agus é ina achomharcóir os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, ach d’fhéadfadh comhleasanna a bheith i gceist leis dóibh.

12

Dá bhrí sin, is é conclúid an achomharcóra ná go bhfuil an t-ordú atá faoi achomharc ‘fréamhaithe’ i gcleachtas cásdlí seanbhunaithe agus go ndéantar neamhaird den ‘athluí’ atá déanta ag an gCúirt le déanaí maidir leis an gcásdlí sin, rud a bhainfeadh an bonn go mór d’aontacht, de chomhleanúnachas nó d’fhorbairt dhlí an Aontais.

13

Leis an tríú saincheist dlí san achomharc, lena líomhnaítear sárú, go háirithe, ar Airteagail 47 agus 52 den Chairt, áitíonn an t‑achomharcóir nár thug an Chúirt Ghinearálta cead chun an chaingean a choigeartú, ar an bhforas nach bhforáiltear go sainráite don choigeartú sin i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, agus, dá bhrí sin, gur dhearbhaigh sí go raibh an chaingean do-ghlactha go huathoibríoch. Rinne an Chúirt Ghinearálta, dá bhrí sin, neamhaird ar an bhfíoras gur toradh é an ceanglas i ndáil le neamhspleáchas an dlíodóra ar socrú breithiúnach agus, dá réir sin, nach bhforáiltear don choigeartú go sainráite toisc nach bhfuil caighdeáin maidir le neamhspleáchas ann. Thairis sin, leagadh síos an ceanglas sin de shárú ar an ngá le foráil reachtach, de réir bhrí Airteagal 52 den Chairt.

14

Ina theannta sin, cuireann an t‑achomharcóir in iúl, i gcás easpa ionadaíochta, nach n‑urramaítear, le nádúr uathoibríoch an dearbhaithe maidir le do-ghlacthacht na caingne, ábhar bunriachtanach an chirt chun rochtain ar cheartas a fháil, prionsabal na comhréireachta ná na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit agus dlíthe agus cleachtais náisiúnta na mBallstát.

15

Is léir ón méid sin roimhe seo go n-ardaítear leis an tríú saincheist dlí ceist atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais, agus murach sin, bheadh sárú tromchúiseach ar na cearta a chumhdaítear sa Chairt agus ar fhorálacha na Cairte maidir leis na féidearthachtaí chun na cearta sin a theorannú.

Breithniú na Cúirte

16

Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú gur faoin achomharcóir atá sé a léiriú go bhfuil na saincheisteanna a eascraíonn as a achomharc suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais (ordú an 10 Nollaig 2021, EUIPO v The KaiKai Company Jaeger Wichmann, C‑382/21 P, EU:C:2021:1050, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

17

Ina theannta sin, mar is léir ón tríú mír d’Airteagal 58a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 170a(1) agus leis an dara habairt d’Airteagal 170b(4) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ní mór an fhaisnéis go léir is gá a bheith san iarratas go ligfí d’achomharc dul ar aghaidh chun go bhféadfaidh an Chúirt breith a thabhairt ar an iarratas sin agus cinneadh a dhéanamh, i gcás ina ligfear don achomharc dul ar aghaidh go páirteach, maidir leis na saincheisteanna dlí nó na codanna den achomharc lena mbainfidh an fhrithaighneacht. Ós rud é go bhfuil claonadh leis an sásra maidir le ligean d’achomharc dul ar aghaidh dá bhforáiltear in Airteagal 58a den Reacht sin athbhreithniú de chuid na Cúirte a theorannú do shaincheisteanna atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais, ní mór don Chúirt, in achomharc, scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna dlí amháin a chruthaíonn saincheisteanna den sórt sin agus a bhunaíonn an t‑achomharcóir (orduithe an 10 Nollaig 2021, EUIPO v The KaiKai Company Jaeger Wichmann, C‑382/21 P, EU:C:2021:1050, mír 21, agus an 30 Eanáir 2023, bonnanwalt v EUIPO, C‑580/22 P, EU:C:2023:126, mír 11).

18

Dá réir sin, ní mór, in aon chás, in iarratas go ligfear d’achomharc dul ar aghaidh, na saincheisteanna dlí ar a bhfuil an t‑achomharc bunaithe a leagan amach go soiléir agus go cruinn, an cheist dhlíthiúil a ardaítear le gach saincheist dlí a shainaithint leis an tsoiléireacht agus cruinneas céanna, a shonrú an cheist shuntasach í an cheist sin maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais, agus na cúiseanna go bhfuil an cheist sin suntasach de réir an chritéir sin a leagan amach go sonrach. Maidir leis na saincheisteanna dlí san achomharc, go háirithe, ní mór an fhoráil de dhlí an Aontais nó an cásdlí a sáraíodh leis an mbreithiúnas nó leis an ordú faoi achomharc a shonrú san iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh, míniú gonta a thabhairt ar chineál na hearráide dlí a líomhnaítear a rinne an Chúirt Ghinearálta, agus a mhéid a bhí tionchar ag an earráid sin ar thoradh an bhreithiúnais nó an ordaithe faoi achomharc a léiriú. I gcás ina bhfuil an earráid dlí a ardaítear mar thoradh ar neamhaird a thabhairt ar an gcásdlí, ní mór a leagan amach san iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh, go gonta ach go soiléir agus go cruinn, ar an gcéad dul síos, cá bhfuil ann don neamhréireacht, trí na míreanna den bhreithiúnas nó den ordú faoi achomharc a dhéanann an t-achomharcóir agóid ina gcoinne a shainaithint agus na míreanna sin den bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais nó ón gCúirt Ghinearálta a líomhnaítear gur sáraíodh iad, agus, ar an dara dul síos, na cúiseanna sonracha a n-ardaíonn neamhréireacht den sórt sin saincheist atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais (orduithe an 10 Nollaig 2021, EUIPO v The KaiKai Company Jaeger Wichmann, C‑382/21 P, EU:C:2021:1050, mír 22, agus an 30 Eanáir 2023, bonnanwalt v EUIPO, C‑580/22 P, EU:C:2023:126, mír 12).

19

I gcomhréir leis an bprionsabal gur ar an duine a iarrann go ligfear don achomharc dul ar aghaidh atá an dualgas cruthúnais, ní mór don achomharcóir a léiriú, beag beann ar na ceisteanna dlíthiúla ar a bhfuil sé ag brath ina achomharc, go n-ardaítear san achomharc saincheist amháin nó níos mó atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais, agus téann raon feidhme an chritéir sin níos faide ná an breithiúnas atá faoi achomharc agus, ar deireadh, an t‑achomharc féin (ordú an 16 Samhain 2022, EUIPO v Nowhere, C‑337/22 P, EU:2022:908, mír 32, agus an 30 Eanáir 2023, bonnanwalt v EUIPO, C‑580/22 P, EU:C:2023:126, mír 15).

20

Chun é sin a léiriú, is gá a chruthú go bhfuil ann do cheisteanna den sórt sin agus a shuntasaí is atá siad, trí bhíthin fianaise nithiúil a bhaineann go sonrach leis an gcás ar leith, agus ní hamháin trí bhíthin argóintí de chineál ginearálta (ordú an 16 Samhain 2022, EUIPO v Nowhere, C‑337/22 P, EU:C:2022:908, mír 33, agus an 30 Eanáir 2023, bonnanwalt v EUIPO, C‑580/22 P, EU:C:2023:126, mír 16).

21

Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, maidir leis an iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh, go leagtar amach go cruinn agus go soiléir na trí shaincheist dlí ar a bhfuiltear ag brath san achomharc, ina líomhnaítear, ar an gcéad dul síos, sárú ar Airteagail 119 agus 126 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ar an dara dul síos, cur i bhfeidhm mícheart de chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir leis an tríú mír d’Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 51 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta a chur i bhfeidhm agus, ar an tríú dul síos, sárú ar Airteagail 47 agus 52 den Chairt agus, b’fhéidir, ar Airteagal 51(4) agus Airteagal 55(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

22

Sa dara háit, maidir leis an gcéad saincheist dlí san achomharc, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar amach san iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh, ag an gcaighdeán dlíthiúil is gá, cad é an earráid a líomhnaítear a tharla mar thoradh ar an sárú ar Airteagail 119 agus 126 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Is léir ón iarratas sin gurb é an earráid líomhnaithe ná, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil an t‑ordú atá faoi achomharc sách réasúnaithe, ós rud é nach ndéanann an Chúirt Ghinearálta ach tagairt do cheann de na breitheanna a rinne sí roimhe seo inar mhainnigh sí cúiseanna a lua freisin maidir le hinfheidhmeacht an cheanglais i ndáil le neamhspleáchas an dlíodóra i gcás ina raibh an t-achomharcóir ina ghnólacht dlí agus ina ndearna duine dá chomhaltaí ionadaíocht ar a shon os comhair na Cúirte Ginearálta, gan réasún iomlán a leagan amach ar an bpointe sin, áfach. Ar an dara dul síos, cé gur thagair an Chúirt Ghinearálta dó san ordú atá faoi achomharc, theip uirthi an cásdlí is déanaí de chuid na Cúirte Breithiúnais maidir leis an ábhar a chur san áireamh agus a chur i bhfeidhm.

23

Ar an taobh eile, cé go sainaithníonn an t-achomharcóir an cheist a ardaíodh ina chéad saincheist dlí san achomharc, arb é, go bunúsach, cinneadh a dhéanamh an ann do mhainneachtain cúiseanna a lua i gcás nach ndéanann an Chúirt Ghinearálta ach tagairt de réir analaí do chinntí a rinneadh roimhe seo a bhaineann leis an bpointe sin, gan réasúnú iomlán a leagan amach faoi, ní léiríonn sé in aon chás, ag an gcaighdeán dlíthiúil is gá, an chaoi a n-ardaíonn mainneachtain líomhnaithe maidir le cúiseanna a lua san ordú atá faoi achomharc saincheist atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais. Ní chuireann an t-achomharcóir, nach gcuireann ach argóintí de chineál ginearálta chun cinn, aon fhianaise ar fáil chun a thaispeáint go n‑ardaítear leis an tsaincheist dlí sin san achomharc ceist a bhfuil suntasacht léi a théann níos faide ná an t‑ordú atá faoi achomharc agus, ar deireadh, an t‑achomharc féin.

24

Sa tríú háit, maidir leis an gceist a ardaíodh leis an dara saincheist dlí san achomharc, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar amach san iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh, ag an gcaighdeán dlíthiúil is gá, cad é an earráid a líomhnaítear a d’eascair as an sárú ar an gcásdlí, a mhéid a bhí tionchar ag an earráid líomhnaithe sin ar thoradh an ordaithe atá faoi achomharc agus na cúiseanna sonracha go n-ardaítear, le hearráid den sórt sin, fiú má shuitear í, saincheist atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

25

Is léir ón iarratas sin gurb é atá i gceist leis an earráid líomhnaithe ná gur tugadh neamhaird san ordú atá faoi achomharc ar an gcásdlí atá mar thoradh ar bhreithiúnas an 14 Iúil 2022, Universität Bremen v REA (C‑110/21 P, EU:C:2022:555, mír 67), ar dá réir nach mór an ceanglas i ndáil le neamhspleáchas an dlíodóra a leagtar síos i ndlí an Aontais a léiriú ar bhealach lena ndéanfar do-ghlacthacht a theorannú do chásanna inar léir nach bhfuil an t-ionadaí lena mbaineann in ann a chúram cosanta a chomhlíonadh agus é ag freastal, a mhéid is féidir, ar leasanna a chliaint, agus, mar thoradh air sin, gur cheart é a eisiamh ar mhaithe leis an gcliant. De réir an iarratais sin, dá n-aimseofaí earráid den sórt sin, bheadh an chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta inghlactha.

26

Ina theannta sin, sainaithníonn an t-achomharcóir an cheist a ardaíodh lena dara saincheist dlí san achomharc, arb é, go bunúsach, a chinneadh an dtuigfear ón gcásdlí a d’eascair as breithiúnas an 14 Iúil 2022, Universität Bremen v REA (C‑110/21 P, EU:C:2022:555, mír 67), a bhaineann le cur i bhfeidhm an tríú mír d’Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go gcomhlíonann na comhpháirtithe i ngnólacht dlí arna n‑áirithiú ag an ngnólacht dlí sin an ceanglas i ndáil le neamhspleáchas mar atá sainithe ag an gCúirt Bhreithiúnais. Ag tabhairt le fios, faoi dhlí na hIodáile, nach bhfuil aon chaidreamh fostaíochta idir comhlachas gairmiúil dlíodóirí agus duine dá chomhaltaí agus nach féidir leis an gcomhalta arna áirithiú chun ionadaíocht a dhéanamh ar son an chomhlachais sin in imeachtaí dlíthiúla coinbhleacht leasa a bheith aige leis, tá an t-achomharcóir den tuairim go dtéann an cheist dhlíthiúil a ardaítear leis an dara saincheist dlí san achomharc níos faide ná an t‑achomharc féin, ós rud é go mbeidh iarmhairtí a théann i bhfad níos faide ná an cás seo ag freagra na ceiste sin. Agus é sin á dhéanamh aige, leagann an t‑achomharcóir amach na cúiseanna nithiúla go bhfuil suntasacht ag saincheist den sórt sin maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

27

Sa cheathrú háit, maidir leis an gceist a ardaíodh leis an tríú saincheist dlí san achomharc, ba cheart a thabhairt faoi deara go leagtar amach san iarratas go ligfí don achomharc dul ar aghaidh, ag an gcaighdeán dlíthiúil is gá, cad é an earráid líomhnaithe a bhí ann mar thoradh ar an sárú ar an gcásdlí, a mhéid a bhí tionchar ag an earráid líomhnaithe sin ar thoradh an ordaithe atá faoi achomharc agus na cúiseanna sonracha go n‑ardaítear, le hearráid den sórt sin, fiú má shuitear í, saincheist atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

28

Is léir ón iarratas sin gurb é an earráid dlí a líomhnaítear, go bunúsach, gur chinn an Chúirt Ghinearálta, tar éis don Chúirt Ghinearálta easpa neamhspleáchais an triúr dlíodóirí a rinne ionadaíocht ar son an achomharcóra os a comhair a shuíomh, nach ndearnadh foráil shainráite maidir le coigeartú i Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta. Murach sin, bheadh an deis ag an achomharcóir dearbhú nach raibh a chaingean inghlactha a sheachaint.

29

Ina theannta sin, ar an gcéad dul síos, sainaithníonn an t-achomharcóir an cheist a ardaítear lena tríú saincheist dlí san achomharc, arb é, go bunúsach, a chinneadh, i gcás nach bhfuil ionadaíocht chuí ó dhlíodóir ag páirtí, de réir na Cúirte Ginearálta, de réir bhrí Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an gciallaíonn Airteagail 47 agus 52 den Chairt nach foláir don Chúirt Ghinearálta, sula nglacfaidh sí cinneadh lena ndiúltaítear don chaingean, fógra a thabhairt don pháirtí sin chun go bhféadfar ionadaíocht chuí a dhéanamh ar a shon. Ar an dara dul síos, is léir ón iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh go dtéann tábhacht aon oibleagáide atá ar an gCúirt Ghinearálta chun cur ar chumas an achomharcóra a chaingean a choigeartú sula ndearbhófaí go bhfuil an t-achomharc do-ghlactha, gan na cearta a chumhdaítear sa Chairt a shárú, níos faide ná an t‑ordú atá faoi achomharc amháin. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil baint ag ceist den sórt sin le réimse sonrach de dhlí an Aontais, ach go mbaineann sí le gach aon chineál díospóide a thugtar os comhair na Cúirte Ginearálta ina bhfuil gá le hionadaíocht ó dhlíodóir, de réir bhrí an tríú mír d’Airteagal 19 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

30

I bhfianaise na n-eilimintí atá leagtha amach ag an achomharcóir, léirítear leis an iarratas go ligfear don achomharc dul ar aghaidh seo, de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá, go n-ardaítear leis an dara saincheist dlí agus an tríú saincheist dlí san achomharc saincheisteanna atá suntasach maidir le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

31

I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, ní mór ligean don dara agus don tríú saincheist dlí san achomharc dul ar aghaidh, lena mbainfidh an fhrithaighneacht, agus ní ligfear don chuid eile díobh dul ar aghaidh.

Costais

32

Faoi Airteagal 170b(4) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, nuair a ligfear don achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, ag féachaint do na critéir a leagtar síos sa tríú mír d’Airteagal 58a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, leanfar leis na himeachtaí i gcomhréir le hAirteagail 171 go 190a de na Rialacha sin.

33

Faoi Airteagal 137 de na Rialacha sin, is infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184(1) de, tá breith maidir le costais le tabhairt sa bhreithiúnas nó san ordú lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí.

34

Dá bhrí sin, ós rud é go ligfear don achomharc dul ar aghaidh go páirteach, ní mór na costais a fhorchoimeád.

 

Ar na forais sin, ordaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) mar seo a leanas:

 

1.

Ligtear don achomharc dul ar aghaidh go páirteach.

 

2.

Bainfidh an fhrithaighneacht leis an dara agus leis an tríú saincheist dlí san achomharc.

 

3.

Forchoimeádtar na costais.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.