Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 – Correia de Matos v an Coimisiún
(Cás C-79/22 P)
(Achomharc – Airteagal 181 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – An dlí institiúideach – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena ndiúltaítear gearán an iarratasóra maidir le sárú líomhnaithe ar Airteagal 267 CFAE ag an Tribunal Constitucional (an Chúirt Bhunreachtúil, an Phortaingéil) – Ionadaíocht ó dhlíodóir nach bhfuil stádas tríú páirtí aige – Achomharc atá do-ghlactha go follasach)
Imeachtaí cúirte — Iarratas tionscanta imeachtaí — Ceanglais fhoirmiúla — Iarratas arna thionscnamh gan dlíodóir — Iarratasóir ag a bhfuil stádas dlíodóir atá údaraithe chun pléadáil os comhair cúirte náisiúnta — Gan tionchar — Do-ghlacthacht
(Reacht na Cúirte Breithiúnais, Airt. 19, an 3ú mír)
(féach míreanna 9-11)
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach. |
|
2. |
Ordaítear do Carlos Correia de Matos a chostais féin a íoc. |