|
27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/26 |
Achomharc arna thabhairt an 27 Nollaig 2022 ag Eulex Kosovo i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 19 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-242/17, RENV, SC v Eulex Kosovo
(Cás C-785/22 P)
(2023/C 112/34)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Eulex Kosovo (ionadaithe: L.-G. Wigemark, Gníomhaire, and E. Raoult, avocate)
Páirtí eile sna himeachtaí: SC
An t-ordú atá á lorg:
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:
|
— |
an t-achomharc a cheadú agus an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal ina iomláine; |
|
— |
an t-éileamh a dhíbhe ina iomláine; |
|
— |
a ordú do SC costais na n-imeachtaí sna cásanna T-242/17, C-730/18, T-242/17 RENV agus na costais a bhaineann leis an achomharc seo a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir roinnt tacair tuairimí maidir leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc:
|
— |
tuairimí faoi argóintí na Cúirte Ginearálta maidir le hinghlacthacht éileamh SC; |
|
— |
tuairimí faoi chinntí na Cúirte Ginearálta sa bhreithiúnas mainneachtana maidir le dlínse na Cúirte Ginearálta agus le hinghlacthacht iarratas SC; |
|
— |
agóidí i gcoinne an mheasúnaithe a rinne an Chúirt Ghinearálta ar fhiúntas an éilimh; agus |
|
— |
tuairimí faoi chinntí na Cúirte Ginearálta maidir leis na héilimh ar chúiteamh de chuid SC. |