6.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 45/14 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Nollaig 2022 – I GmbH v J R
(Cás C-749/22)
(2023/C 45/22)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: I GmbH
Freagróir: J R
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE (1) agus Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta ar dá réir nach gá saoire bhliantúil íoctha, a chuir an fostaí isteach uirthi agus a cheadaigh an fostóir agus a fhorluíonn, ó thaobh ama de, le coraintín baile arna ordú, tar éis na saoire sin a bheith ceadaithe, ag na húdaráis inniúla mar gheall ar amhras maidir le hionfhabhtú, a dheonú go cúlghabhálach, cé nach bhfuil sé dodhéanta don fhostaí obair le linn an choraintín mar gheall ar bhreoiteacht?
(1) Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 i dtaobh gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9).