|
20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/22 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Østre Landsret (an Danmhairg) a taisceadh an 1 Nollaig 2022 – Staten og Kommunernes Indkøbsservice A/S v BibMedia A/S
(Cás C-737/22)
(2023/C 63/28)
Teanga an cháis: an Danmhairgis
An chúirt a rinne an tarchur
Østre Landsret
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Staten og Kommunernes Indkøbsservice A/S
Cosantóir: BibMedia A/S
An cheist a tharchuirtear
An gcuirtear cosc le prionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne in Airteagal 18 den Treoir maidir le Soláthar Poiblí (1) agus an toirmeasc ar chaibidlíochtaí dá bharr sin ar thairgeoir a thíolaic an dara tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch i ndáil le nós imeachta oscailte do luchtóga ar leith (féach Airteagail 27 agus 46 den Treoir maidir le Soláthar Poiblí) an fhéidearthacht na seirbhísí arna dtairiscint a sholáthar, tar éis don spriocdháta chun an tairiscint a chur isteach dul in éag, agus i gcomhréir leis na téarmaí réamhshocraithe sna sonraíochtaí, laistigh de luchtóg ar na téarmaí céanna le tairgeoir a thíolaic an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch agus, dá bhrí sin, dámhadh luchtóg eile air nó uirthi a cuireadh amach ar tairiscint ag an am céanna?
(1) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).