20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/21


Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 29 Samhain 2022 – Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” – Sofia pri Tsentralno upravlenie na NAP v “Valentina Heights” EOOD

(Cás C-733/22)

(2023/C 63/27)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Direktor na Direktsia “Obzhalvane i danachno-osiguritelna praktika” – Sofia pri Tsentralno upravlenie na NAP

Freagróir ar an achomharc:“Valentina Heights” EOOD

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 98(2), arna léamh i gcomhar le pointe 12 d’Iarscríbhinn III, de Threoir 2006/112/CE (1) ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léiriú sa chaoi go bhféadfaí an ráta laghdaithe cánach breisluacha dá bhforáiltear san fhoráil sin i ndáil le cóiríocht in óstáin agus bunachais chosúla a chur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil na bunachais sin aicmithe i gcomhréir leis na forálacha dlí náisiúnta de Bhallstát [na cúirte] atá ag iarraidh an réamhrialaithe?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar an gceist sin, an gcaithfear Airteagal 98(2), arna léamh i gcomhar le pointe 12 d’Iarscríbhinn III, de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léiriú sa chaoi go gceadaítear cur i bhfeidhm an ráta laghdaithe ar bhonn roghnach maidir le gnéithe nithiúla agus sonracha de chatagóir sholáthair ar leith, i gcás ina bhfuil coinníoll nach dtarlóidh an chóiríocht sin in óstáin agus bunachais chosúla ach amháin i saoráidí cóiríochta atá aicmithe i gcomhréir leis na forálacha dlí náisiúnta de Bhallstát [na cúirte] atá ag iarraidh an réamhrialaithe nó a bhfuil teastas sealadach eisithe ina leith maidir le tús a bheith curtha le himeachtaí aicmithe i gcatagóir.


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).