13.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 94/17


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 25 Samhain 2022 – IJ und PO GesbR, IJ v Agrarmarkt Austria

(Cás C-731/22)

(2023/C 94/19)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IJ und PO GesbR, IJ

Cosantóir: Agrarmarkt Austria

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 4(1)(b) agus (c), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33(1), de Rialachán 1307/2013 (1) a léiriú sa chaoi nach mór a mheas go bhfuil limistéar á bhainistiú ag feirmeoir agus go bhfuil sé ar fáil dó más leis an bhfeirmeoir an limistéar sin agus má thugann sé freisin faoin gcéad churadóireacht, faoin saothrú agus faoi uisciú rialta na mbarr, cé go bhfuil an limistéar, roinnte i ndáileachtaí de mhéideanna éagsúla, tugtha ar tháille sheasta, ó thús an tséasúir in Aibreán/tús mhí na Bealtaine go dtí deireadh an tséasúir i mí Dheireadh Fómhair, do roinnt úsáideoirí chun é a chothabháil agus an fómhar a bhaint, gan an feirmeoir a bheith rannpháirteach go díreach i bhfairsinge an fhómhair?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).