20.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 63/20


Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire) a taisceadh an 25 Samhain 2022 – Friends of the Irish Environment CLG v Rialtas na hÉireann, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Éire agus an tArd-Aighne

(Cás C-727/22)

(2023/C 63/26)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Chúirt Uachtarach

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Friends of the Irish Environment CLG

Cosantóirí: Rialtas na hÉireann, an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Éire agus an tArd-Aighne

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gá Airteagal 2(a) Threoir SEA (1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(2)(a), a léiriú sa chaoi go bhféadfadh beart arna ghlacadh ag brainse feidhmiúcháin Ballstáit, seachas de bhíthin iallach reachtach nó riaracháin, agus nár glacadh ar bhonn aon bhirt rialúcháin, riaracháin nó reachtach, a bheith ina phlean nó ina chlár a bhfuil feidhm ag an Treoir maidir leis, i gcás ina leagann an plean nó an clár arna ghlacadh creat chun toiliú forbartha a dheonú go hiartheachtach nó a dhiúltú agus dá bhrí sin go bhfuil sé ag teacht le tástáil Airteagal 3(2) den Treoir?

2.

An gá Airteagal 3(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(8) agus (9) de Threoir SEA, a léiriú sa chaoi go bhféadfadh plean nó clár a ndéanann foráil sonrach, cé go gcuirtear síos air mar “táscach”, maidir le cistí a leithdháileadh chun tionscadail bhonneagair áirithe a thógáil d’fhonn tacú le straitéis forbartha spásúla i bplean eile, atá mar bhonn do straitéis forbartha spásúla iartheachtach, a bheith ina phlean nó ina chlár féin de réir bhrí Threoir SEA?

I gcás freagra dearfach ar an gceist thuas, an mbeidh plean a bhfuil sé mar chuspóir aige leithdháileadh acmhainní, le deileáil mar phlean buiséadach de réir bhrí Airteagal 3(8)?

3.

An gá Airteagal 5, agus Iarscríbhinn 1, de Threoir SEA a léiriú amhail, i gcás ina n-éilítear measúnú comhshaoil faoi Airteagal 3(1), nach mór don tuarascáil chomhshaoil dá bhforáiltear inti, a luaithe a shainaithnítear roghanna réasúnta eile seachas rogha na tosaíochta, measúnú a dhéanamh ar rogha na tosaíochta agus ar roghanna réasúnta eile ar bhonn inchomparáide?

I gcás freagra dearfach ar an gceist thuas, an gcomhlíontar ceanglas na Treorach má dhéantar measúnú ar na roghanna réasúnta ar bhonn inchomparáide sula roghnaítear an rogha thosaíochta, agus ina dhiaidh sin go ndéantar measúnú ar an dréachtphlean nó ar an dréachtchlár agus go ndéantar measúnú níos iomláine ar an SEA ansin maidir leis an rogha thosaíochta?


(1)  Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO 2001 L 197, lch. 30).