27.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 112/16 |
Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2022 ag an mBanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-751/20, KL v BEI
(Cás C-705/22 P)
(2023/C 112/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: G. Faedo agus I. Zanin, Gníomhairí, le cúnamh ó A. Duron, avocate)
Páirtí eile sna himeachtaí: KL
Le hordú an 30 Eanáir 2023, bhain Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Cás C-705/22 P de chlár na Cúirte Breithiúnais agus d’ordaigh sé don achomharcóir a chostais féin a íoc.