|
30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/36 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 10 Samhain 2022 – I. sp. z o.o. v M.W.
(Cás C-693/22)
(2023/C 35/43)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla m.st. Warszawy w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: I. sp. z. o.o.
Cosantóir: M.W.
An cheist a tharchuirtear:
Ar cheart Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (1) i gcomhar le hAirteagal 6(1)(a), (c) agus (e) den Rialachán sin, chomh maith le hAirteagal 6(3) de, a léiriú mar chosc ar fhoráil den dlí náisiúnta lena gceadaítear an díol, in imeachtaí forfheidhmithe, de bhunachar sonraí, de réir bhrí Airteagal 1(2) de Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (2), ina bhfuil sonraí pearsanta, murar thoiligh an t-ábhar sonraí lena leithéid de dhíol?