6.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 83/8


Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Bheilg) a taisceadh an 9 Samhain 2022 – RTL Belgium SA agus RTL BELUX SA & Cie SECS v Conseil supérieur de l’audiovisuel (CSA)

(Cás C-691/22)

(2023/C 83/10)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: RTL Belgium SA, RTL BELUX SA & Cie SECS

Cosantóir: Conseil supérieur de l’audiovisuel (CSA)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Maidir le hAirteagail 1(1)(c) go 1(f), 2, 3 agus 4 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar, arna léamh i bhfianaise an chuspóra dlínse dhúbailte a sheachaint a leagtar síos in aithrisí 34 agus 35 den Treoir sin, chomh maith le hAirteagail 4(3) CAE agus 49 CFAE, an gá léiriú a dhéanamh orthu amhail go gcuirtear bac leo ar údarás rialála a mheasann gurb é an Ballstát a bhfuil sé faoina réir an Ballstát ina bhfuil an duine ar cheart a mheas mar sholáthraí seirbhíse meán bunaithe, pionós a fhorchur ar an duine sin sa chás inar dhearbhaigh an chéad Bhallstát cheana féin go bhfuil dlínse aige i leith na seirbhíse meán closamhairc sin ar dheonaigh sé lamháltas ina leith?

2.

An gá léiriú a dhéanamh ar phrionsabal an chomhair dhílis, arna ráthú le hAirteagal 4(3) CAE (Airteagal 10 CCE roimhe seo), amhail go gceanglaítear ar an mBallstát a bheartaíonn dlínse a fheidhmiú i leith na seirbhíse sin, ós rud é gur fheidhmigh an chéad Bhallstát dlínse cheana féin, a iarraidh ar an gcéad Bhallstát an lamháltas s dheonaigh sé a bhaineann leis an seirbhís meán closamhairc a tharraingt siar agus, sa chás ina ndiúltaíonn sé é sin a dhéanamh, an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh trí iarraidh ar an Aontas Eorpach caingean a thionscnamh i gcoinne an chéad Bhallstáit as mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh (Airteagal 258 CFAE) nó caingean a thabhairt uaidh féin as mainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh (Airteagal 259 CFAE), agus staonadh ó aon ghníomh fisiciúil nó dlíthiúil lena léirítear an t-éileamh faoi dhlínse ar an seirbhís sin, mura rud é go rialaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú ina fhabhar?

3.

An ea, faoin bprionsabal sin, gur ceart don Bhallstát ar mian leis dlínse a fheidhmiú ar sheirbhís meán closamhairc, i gcás ina fheidhmíonn an chéad Bhallstát a leithéid de dhlínse cheana féin, roimh dó aon ghníomh fisiciúil nó dlíthiúil a ghlacadh lena léirítear an t-éileamh faoi dhlínse ar an seirbhís sin, agus, is cuma cibé acu an dtionscnaítear nó nach dtionscnaítear na himeachtaí dá dtagraítear i gceist 2,

(a)

dul i dteagmháil leis an gcéad Bhallstát d’fhonn teacht ar réiteach compháirteach, más féidir?; agus/nó

(b)

iarraidh go ndéanfaí an cheist a tharchur chuig an gCoiste teagmhála arna bhunú le hAirteagal 29 de Threoir 2010/13/AE?; agus/nó

(c)

comhairle a lorg ón gCoimisiún Eorpach?; agus/nó

(d)

iarraidh ar an gcéad Bhallstát, a dheonaigh lamháltas maidir le seirbhís mean closamhairc, an lamháltas sin a tharraingt siar, sa chás ina ndiúltaítear, úsáid a bhaint as imeachtaí breithiúnacha atá ar fáil agus atá éifeachtach sa chéad Bhallstát sin le cur i gcoinne an diúltaithe sin an lamháltas a tharraingt siar?

4.

An bhfuil tionchar ag an bhfreagra atá le tabhairt ar an dara agus an tríú ceist ar an bhfíric go bhfuil pearsantacht dhlítheanach agus modhanna gníomhaíochta ar leith ag an údarás atá freagrach as rialáil closamhairc atá éagsúil ón mBallstát lena mbaineann sé?

5.

Sá chás ina bhfuil seirbhís meán closamhairc faoi réir lamháltais arna dheonú ag an gcéad Bhallstát, an gcuirtear bac le hAirteagal 344 CFAE, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 4(3) CAE agus Treoir 2010/13/AE, ar chúirt náisiúnta de chuid an dara Ballstát ó rialú a dhéanamh go bhfuil an t-údarás rialála den dara Bhallstát sin tar éis a mheas, agus an ceart aige, go bhfuil dlínse aige an tseirbhís sin a rialú, ós rud é go gcinnfeadh an chúirt sin go hintuigthe trína leithéid a dhéanamh, gur mhíléirigh an chéad Bhallstát a dhlínse agus go dtabharfaí cinneadh go hindíreach i ndíospóid idir dhá Bhallstát maidir le dlí an Aontais a léiriú agus a chur i bhfeidhm? I gcás mar sin, ar cheart do chúirt náisiúnta an dara Bhallstát sin í féin a theorannú do chinneadh an údaráis rialála sin a neamhniú, ar an bhforas go raibh an tseirbhís mean closamhairc lena mbaineann faoi réir lamháltais a dheonaigh an chéad Bhallstát cheana féín?