27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Alicante (an Spáinn) an 7 Samhain 2022 – Julieta, Rogelio v Agencia Estatal de la Administración Tributaria

(Cás C-687/22)

(2023/C 112/20)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Provincial de Alicante

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Julieta, Rogelio

Cosantóir: Agencia Estatal de la Administración Tributaria

Na ceisteanna a tharchuirtear

i)

An bhféadfar an prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i leith Airteagal 23(4) den Treoir (1) i gcás inar tharla na fíorais (amhail sa chás seo, ag féachaint do dháta an iarratais ar an bhfiachas a urscaoileadh) san idirthréimhse idir teacht i bhfeidhm na Treorach agus an spriocdháta chun í a thrasuí sa dlí náisiúnta, agus nach dtrasuitear an Treoir (Dlí 16/22) leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme ([Texto Refundido de la Ley Concursal (téacs comhdhlúite dlí na dócmhainneachta)], TRLC, arna leasú le Real Decreto Legislativo (Foraithne Reachtach Ríoga) 1/20, “RDLeg 1/20”)?

ii)

An bhfuil reachtaíocht náisiúnta, amhail reachtaíocht na Spáinne arna leagan síos in TRLC (arna leasú le RDLeg 1/2020), nach dtugann aon údar le fiacha poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais, i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Treoir, agus lena bunphrionsabail maidir le hurscaoileadh fiachais? A mhéid a eisiatar fiacha poiblí ó urscaoileadh fiachais leis an reachtaíocht sin agus nach bhfuil údar maith go ndéanfaí amhlaidh léi, an dtarraingítear amhras ar oibleagáidí na Treorach sin nó an gcuirtear i gcontúirt iad léi?

iii)

An bhfuil liosta uileghabhálach agus críochnúil de chatagóirí d’éilimh gur féidir a eisiamh ó urscaoileadh in Airteagal 23(4) den Treoir, nó, a mhalairt sin, an liosta léiritheach amháin atá ann agus go bhfuil lánrogha ag an reachtóir náisiúnta catagóirí d’éilimh ineisithe a leagan síos mar a mheasann sé a bheith cuí, chomh fada is atá údar cuí leo faoin dlí náisiúnta?


(1)  Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO 2019 L 172, lch. 18).