6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/7


Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2022 – Gemeente Dinkelland v Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

(Cás C-674/22)

(2023/C 45/12)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Gelderland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Gemeente Dinkelland

Cosantóir: Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an prionsabal dlí nach mór ús mainneachtana a íoc toisc go bhfuil ceart ann go ndéanfar cánacha arna dtobhach de shárú ar dhlí an Aontais a aisíoc a léiriú sa chaoi, i gcás ina ndeonaítear aisíocaíocht de cháin láimhdeachais don duine inchánach, nach mór ús mainneachtana a íoc dó chomh maith sna cásanna seo:

a.

Is toradh ar earráidí riaracháin de pháirt an duine inchánach, mar a luadh san ordú seo, an aisíocaíocht, nach bhfuil an cigire cánach freagrach astu in aon chor;

b.

Is toradh ar ríomh nua den scála leithroinnte chun cáin láimhdeachais a asbhaint ó na costais ginearálta an aisíocaíocht, de réir na n-imthosca dá dtagraítear san ordú seo?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: Cathain a bhíonn tús leis an gceart sna cásanna sin go ndéanfar ús mainneachtana a íoc?