20.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/15 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) arna taisceadh an 21 Deireadh Fómhair 2022 — Amazon Services Europe Sàrl v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
(Cás C-665/22)
(2023/C 63/21)
Teanga an chais: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Amazon Services Europe Sàrl
Cosantóir: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni
Na ceisteanna a tharchuirtear
1) |
An gcuirtear cosc le Rialachán (AE) 2019/1150 (1) ar fhoráil náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus ar sholáthraithe inneall cuardaigh ar líne faisnéis ábhartha maidir lena n-ioncam a sholáthar ar bhonn rialta, chun críche sonrach cur chun feidhme cuí agus éifeachtach an rialacháin sin a áirithiú, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha a bhailiú? |
2) |
Ar bhonn Rialachán (AE) 2019/1150, an féidir a mheas go bhfuil an fhaisnéis ina ceangal i gcomhthéacs Córas Faisnéis Eacnamaíoch, a bhaineann go príomha leis an ioncam a fhaightear, ábhartha agus ríthábhachtach i ndáil leis an gcuspóir a shaothraítear leis an Rialachán sin; |
3) |
An gceanglaítear le Treoir (AE) 2015/1535 (2) ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus inneall cuardaigh ar líne tuarascáil a chur isteach ina bhfuil faisnéis ábhartha maidir lena n-ioncam, as neamhchomhlíonadh a ghearrtar fíneáil? Más amhlaidh atá, an gceadaítear leis an treoir do dhuine aonair cur i gcoinne bearta nár cuireadh in iúl don Choimisiún a chur i bhfeidhm air? |
4) |
An gcuirtear cosc le hAirteagal 3 de Threoir 2000/31/CE (3) ar údaráis náisiúnta forálacha a ghlacadh, ar forálacha iad, chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2019/1150 chun feidhme, lena bhforchuirtear ualaí breise riaracháin agus airgeadais ar oibreoirí atá bunaithe i dtír Eorpach eile ach atá ag feidhmiú san Iodáil, amhail tarchur tuarascála ina bhfuil faisnéis ábhartha maidir lena n-ioncam, agus as neamhchomhlíonadh a ghearrtar fíneáil? |
5) |
An gcuirtear cosc le prionsabal na saoirse seirbhísí a sholáthar atá cumhdaithe in Airteagal 56 CFAE agus Airteagal 16 de Threoir 2006/123/CE agus Treoir 2000/31/CE (4) ar údaráis náisiúnta forálacha a ghlacadh, ar forálacha iad, chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2019/1150 chun feidhme, lena bhforchuirtear ualaí breise riaracháin agus airgeadais ar oibreoirí atá bunaithe i dtír Eorpach eile, amhail tíolacadh tuarascála ina bhfuil faisnéis ábhartha maidir lena n-ioncam, agus as neamhchomhlíonadh a ghearrtar fíneáil? |
6) |
An gceanglaítear le hAirteagal 3(4)(b) de Threoir 2000/31/CE ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na bearta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne agus inneall cuardaigh ar líne tuarascáil a chur isteach ina bhfuil faisnéis ábhartha maidir lena n-ioncam, as neamhchomhlíonadh a ghearrtar fíneáil? Más amhlaidh atá, an gceadaítear leis an treoir do dhuine aonair cur i gcoinne bearta nár cuireadh in iúl don Choimisiún a chur i bhfeidhm air? |
(1) Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn le haghaidh úsáideoirí gnó seirbhísí idirghabhála ar líne (IO 2019 L 186, lch. 57).
(2) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 2015 L 241, lch. 1).
(3) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (IO 2000 L 178, lch. 1).
(4) Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO 2006 L 376, lch. 36).