27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

(Cás C-649/22)

(2023/C 112/18)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia del País Vasco

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXX

Cosantóirí: Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 2 CAE agus Airteagail 3(f) agus 5 de Threoir 2008/104 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú ón gcásdlí ar reachtaíocht de chuid na Spáinne ar dá réir go n-eisiatar ón gcoincheap “bunchoinníollacha oibre agus fostaíochta” cúiteamh d’oibrí gníomhaireachta sealadach ar foirceannadh a chonradh nuair a dearbhaíodh go raibh buaneasláine ceirde iomlán air mar thoradh ar thionóisc ceirde a tharla ag an ngnóthas a bhí ag baint úsáid as a chuid seirbhísí?


(1)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO 2008 L 327, lch. 9).