9.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 7/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Tallinna Ringkonnakohus (an Eastóin) a taisceadh an 14 Deireadh Fómhair 2022 – Globex International OÜ v Duclos Legnostrutture Srl agus RD

(Cás C-647/22)

(2023/C 7/19)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tallinna Ringkonnakohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Globex International OÜ

Cosantóirí: Duclos Legnostrutture Srl agus RD

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 1(2) de Rialachán Uimh. 1896/2006 (1) a léiriú sa chaoi gurb ionann riail dlí náisiúnta amhail Airteagal 371(1)(4) de Chód Nós Imeachta Sibhialta na hEastóine (ar dá réir nach nglacfaidh cúirt le caingean inter alia i gcás ina ndearna cúirt de chuid na hEastóine ordú lena gcuirtear clabhsúr le himeachtaí i ndíospóid idir na páirtithe céanna maidir leis an ábhar céanna agus ar an mbonn céanna agus lena gcuirtear cosc ar dhul os comhair na gcúirteanna ar an ábhar céanna, ar ordú é atá tagtha chun bheith críochnaitheach) agus bacainn ar chaingean a éisteacht i dtaca le héileamh dár eisíodh ordú íocaíochta Eorpach agus ar dhearbhaigh cúirt de chuid Ballstát go bhfuil sé in-fhorghníomhaithe?

2.

Má fhreagraítear an chéad cheist, i bprionsabal, sa chiall gur bacainn atá ann, an dtabharfar freagra difriúil más dealraitheach, tar éis a dhearbhú go bhfuil an t-ordú íocaíochta Eorpach in-fhorghníomhaithe, nach raibh seirbheáil an ordaithe íocaíochta i gcomhréir leis na híoschaighdeáin a leagtar síos in Airteagail 13 go 15 de Rialachán Uimh. 1896/2006.

3.

Má fhreagraítear an dara ceist sa chaoi gur bacainn atá ann: An bhféadfaidh an chúirt a d’eisigh an t-ordú íocaíochta Eorpach agus a dhearbhaigh go bhfuil sé in-fhorghníomhaithe a chinneadh, ex officio nó ar iarratas ón éilitheoir, go bhfuil an dearbhú in-fhorghníomhaitheachta maidir leis an ordú íocaíochta neamhbhailí i gcás inar dealraitheach, tar éis a dhearbhú go bhfuil an t-ordú íocaíochta Eorpach in-fhorghníomhaithe, nach raibh seirbheáil an ordaithe íocaíochta i gcomhréir leis na híoschaighdeáin a leagtar síos in Airteagal 13 go 15 de Rialachán Uimh. 1896/2006?

4.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an tríú ceist: An bhféadfaidh an chúirt a d’eisigh an t-ordú íocaíochta Eorpach agus a dhearbhaigh go bhfuil sé in-fhorghníomhaithe breith a thabhairt ar neamhbhailíocht an dearbhaithe in-fhorghníomhaitheachta maidir leis an ordú íocaíochta, gan beann ar imeachtaí forghníomhaithe a bheith seolta nó críochnaithe, ná ar an toradh atá orthu, sa chúirt i mBallstáit an fhorghníomhaithe.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta (IO 2006 L 399, lch. 1).