30.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 35/26


Iarraidh ar réamhrialú ó Fechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Y v Inspecteur van de Belastingdienst Amsterdam

(Cás C-641/22)

(2023/C 35/30)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Gelderland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Y

Cosantóir: Inspecteur van de Belastingdienst Amsterdam

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 135(1)(g) den Treoir maidir le CBL (1) a léiriú sa chaoi go bhféadfaí a mheas go bhfuil riosca infheistíochta i gceist do shealbhóirí i gciste pinsin amhail an ciste pinsin sna príomhimeachtaí, agus an gciallaíonn sé sin gurb ionann an ciste pinsin agus “ciste infheistíochta speisialta” de réir bhrí na forála sin? An mbaineann a leanas le hábhar:

cé acu an bhfuil riosca infheistíochta aonair i gceist do na sealbhóirí nó nach bhfuil nó an leor gur ar na sealbhóirí go comhchoiteann agus ní ar aon duine eile na hiarmhairtí a bhaineann le torthaí na hinfheistíochta?

méid an riosca chomhchoitinn nó aonair?

a mhéid a bhaineann fachtóirí eile, amhail an líon blianta pinsin arna dhéanamh, an méid tuarastail agus an fachtóir lascaine, le méid an tsochair pinsin?

go bhfuil ráthaíocht go dtí EUR 250 000 000 curtha ar fáil ag an bhfostóir don tréimhse 2014 go 2020 d’fhonn an pinsean atá beartaithe a dhéanamh a bhaint amach?


(1)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).