30.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 35/25 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 – Fiscale Eenheid Achmea BV v Inspecteur van de Belastingdienst Amsterdam
(Cás C-640/22)
(2023/C 35/29)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Gelderland
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Fiscale Eenheid Achmea BV
Cosantóir: Inspecteur van de Belastingdienst Amsterdam
Na ceisteanna a tharchuirtear
1) |
An gcaithfear Airteagal 135(1)(g) den Treoir maidir le CBL (1) a léiriú sa chaoi go bhféadfaí a mheas go bhfuil riosca infheistíochta i gceist do shealbhóirí i gciste pinsin amhail an ciste pinsin sna príomhimeachtaí, agus an gciallaíonn sé sin gurb ionann an ciste pinsin agus “ciste infheistíochta speisialta” de réir bhrí na forála sin? An mbaineann a leanas le hábhar:
|
2) |
An gceanglaítear leis an bprionsabal maidir le neodracht chánach, i dtaobh Airteagal 135(1)(g) den Treoir maidir le CBL a chur i bhfeidhm maidir le cistí nach GCUIanna (2) iad, nach mór a mheas ní hamháin an bhfuil siad inchomparáide le GCUIanna, ach freisin, ó thaobh an gnáth-thomhaltóra de, an bhfuil siad inchomparáide le cistí eile nach GCUIanna iad ach a mheasann an Ballstát gur cistí infheistíochta speisialta iad? |
(1) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).
(2) Gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe.