23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/25


Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de las Islas Baleares (an Spáinn) an 7 Deireadh Fómhair 2022 – J.M.A.R v C.N.N., SA

(Cás C-631/22)

(2023/C 24/32)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de las Islas Baleares

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: J.M.A.R

Cosantóir: C.N.N., SA

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 5 de Threoir 2000/78/CE [an 27 Samhain 2000] lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, (1) i bhfianaise míreanna 16, 17, 20 agus 21 dá Brollach, Airteagail 21 agus 26 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 2 agus 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (arna fhormheas le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 (2)) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm rialach náisiúnta lena mheastar míchumas oibreora (i ndiaidh dearbhú ar éagumas buan agus iomlán i leith a ghnáthfhostaíochta, gan aon fheabhas a bheith tuartha) mar chúis le conradh fostaíochta an oibreora a fhoircheannadh go huathoibríoch, gan a chur de cheangal ar an gcuideachta an sainordú chun “cóiríocht réasúnta” a dhéanamh a chomhlíonadh roimh ré mar a cheanglaítear le hAirteagal 5 den Treoir d’fhonn leanúint leis an bhfostaíocht (nó chun ualach míréasúnach na hoibleagáide sin a léiriú)?

2)

An gcaithfear Airteagail 2(2) agus 4(1) de Threoir 2000/78/CE lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise míreanna 16, 17, 20 agus 21 dá Brollach, Airteagail 21 agus 26 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 2 agus 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (arna fhormheas le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009) a léiriú sa chaoi gurb ionann foircheannadh uathoibríoch conartha fostaíochta oibreora mar gheall ar mhíchumas (i ndiaidh dearbhú ar éagumas buan agus iomlán i leith a ghnáthfhostaíochta) gan a chur de cheangal an sainordú chun “cóiríocht réasúnta” a dhéanamh a chomhlíonadh roimh ré mar a cheanglaítear le hAirteagal 5 den Treoir d’fhonn leanúint leis an bhfostaíocht (nó chun ualach míréasúnach na hoibleagáide sin a léiriú roimh ré), agus idirdhealú díreach, fiú i gcás go gcinntear foircheannadh den sórt sin le riail dhlíthiúil náisiúnta?


(1)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (IO 2010 L 23, lch. 35).